Jump to content

Síceapaiteolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is síceapaiteolaíocht ann ná staidéar ar mheabhairghalar agus ar na comharthaí agus siomptóim a bhaineann le neamhoird mheabhrach. Cuimsíonn an réimse cognaíocht neamhghnách, iompar mí-oiriúnaitheach, agus eispéiris atá difriúil de réir gnásanna sóisialta. Is éard atá i gceist leis an disciplín seo ná breathnú domhain ar shiomptóim, iompraíochtaí, cúiseanna, cúrsa, forbairt, catagóiriú, cóireálacha, straitéisí, agus go leor eile.

Is éard atá i gceist le síceapaiteolaíocht bhitheolaíoch ná staidéar ar cognaíochtaí, iompraíocht, agus eispéiris mínormálta a dhéantar ar bhonn bitheolaíochta. Tugtar síceapaiteolaíocht leanaí ar an speisialtóireacht a chuirtear i bhfeidhm ar leanaí agus ar dhéagóirí.

Bhí tionchar ag creideamh reiligiúnach agus pisreoga ar na míniúcháin luatha ar mheabhairghalair. Chuirtí riochtaí sláinte síceolaíochta a rangaítear anois mar neamhoird mheabhrach i leith spioraid urchóideacha, deamhain, nó an diabhal. Glacadh go forleathan leis an smaoineamh seo suas go dtí an séú agus an seachtú haois déag.[1]

Gealtlann stáit in Nevada.
  1. Loschen, E. L. (April 1974). "Psychiatry and religion: A variable history". Journal of Religion & Health 13 (2): 137–141. doi:10.1007/bf01532755. ISSN 0022-4197. PMID 24408386.