Séipéal Chill Chróine
Séipéal Chill Chróine | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Eaglais | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Chill Mhantáin, Éire | |||
| ||||
Gníomhaíocht | ||||
Deoise | United Dioceses of Dublin and Glendalough (en) | |||
Is séipéal meánaoiseach agus Séadchomhartha Náisiúnta i gContae Chill Mhantáin, Éire, é Séipéal Chill Chróine.[1]
Suíomh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Séipéal Chill Chróine suite i gcoillearnach ar imeall thiar Bhré, ó dheas den Deargail.[2]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Seans go raibh séipéal adhmaid níos luaithe ar an suíomh, tiomnaithe do Naomh Cróine, naomh baineann doiléir den 5ú haois.[3][4]
Tógadh an séipéal cloiche sa 11ú haois, agus ba iad na pátrúin réamh-Normannach ná Uí Briuin Cualann nó Uí Ceallaigh ó Uí Teigh. Sa tréimhse Normannach, luaitear Cill Chróine i dtaifid 1280, 1285 agus 1305. Tháinig sé ar ais faoi seilbh na nGael níos déanaí nuair a ghlac muintir Uí Tuathail seilbh ar an gceantar.
Sa bhliain 1533, luadh gur séipéal de chuid an tséipéil mhóir áitiúil i Stagonyll (Cúirt an Phaoraigh) a bhí i gCill Chronaigh. Deir taifid eile go raibh sé ina sheilbh ag Mainistir Mhuire, Baile Átha Cliath.
Leathnaíodh an séipéal sa tréimhse mheánaoiseach dhéanach, agus sa tréimhse nua-aimseartha tá roinnt athchóiriú déanta, agus na ballaí á gcur suas.[5][6]
Eaglais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cruth dronuilleogach ar an séipéal le ballaí de ghaineamhchloch, eibhir agus bloic scealla. Tá Fardoras eibhir agus fuinneog cheannchruinn ar an mballa theas.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Holdings: Kilcroney Church.” (1929).
- ↑ “Kilcroney Church” (17 November 2006).
- ↑ Irish Tourist Board (1953). "Ireland guide". Fógra Fáilte. Dáta rochtana: 2016-08-17.
- ↑ “Omnium Sanctorum Hiberniae: Saint Croine, January 27”.
- ↑ “Church with holy woman's name - Independent.ie”.
- ↑ “Geograph:: Kilcroney Church ruins (C) Max Wellman”.