Jump to content

Séala na Breataine Bige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bhí séala dá gcuid féin ag Prionsaí na Breataine Bige agus baineadh úsáid as séala náisiúnta don chéad uair sa bhlaiin 2011.

Séala Llywelyn ap Iorwerth[cuir in eagar | athraigh foinse]

Séala Llywelyn ap Iorwerth (d. 1240).

Téann séala Llywelyn Fawr ( Llywelyn ap Iorwerth ) siar go dtí 1240 . Feictear Llywelyn gléasta faoi chathéide agus claíomh ina láimh dheis agus sciath ar a lámh chlé suite ar mhuin chapall ag ag dul ar cosa in airde ar dheis.

Baineadh úsáid as séalaí mar léiriú ar bharántúlacht an tsínitheora agus uaireanta cuireadh séala stáit le cúl an tséala chéaraigh chun barántúlacht bhreise a chinntiú. Is eol do Llywelyn ap Iorwerth gur bhain sé úsáid as a shéala stáit nó a fhrithshéala, mar shampla sa bhliain 1230, mar atá;herwydd nad oes ganddo ei sêl fawr ag ef".."(ag séalú na litreacha lena shéala rúnda toisc nach bhfuil a shéala mór aige)" [1]

Séala Llywelyn ap Gruffydd[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creidtear gur leáigh na Sasanaigh séala príobháideach Llywelyn ein Llyw Olaf (Llywelyn ap Gruffydd), a bhean Eleanor agus a dheartháir Dafydd tar éis dóibh a aimsiú ar a gcoirp chun cailís a dhéanamh sa bhliain 1284.[2]

Luaigh an tArdeaspag Peckham, ina chéad litir chuig Robert Bishop ó Bath agus Wells dar dáta 17 Nollaig 1282 "Más mian leis an rí go mbeadh an chóip [den liosta] a fuarthas i mbrístí Llywelyn, is féidir leis é a bheith aige ó Edmund Mortimer, a bhfuil faoi a chúram agus freisin ar shéala príobháideach Llywelyn agus rudaí áirithe eile a fuarthas san áit chéanna. [3]

Séala Owain Glyndwr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Séala (ar dheis) agus Séala Rúnda (ar chlé) Owain Glyndŵr mar Phrionsa na Breataine Bige.

Séala (ar dheis) agus Séala Rúnda (ar chlé) Owain Glyndŵr mar Phrionsa na Breataine Bige. Is éard atá sa séala rúnda a airm, leon, coróin agus dragan.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Williams (1993). "Catalogue of Seals in the National Museum of Wales: Seal dies, Welsh seals, papal bullae" (in en): 26. National Museum Wales. ISBN 978-0-7200-0381-9. 
  2. Schofield, Phillipp R. (2016-06-15). "Seals and Society: Medieval Wales, the Welsh Marches and their English Border Region" (as en): 39. University of Wales Press. 
  3. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-07-02. Dáta rochtana: 2024-06-06.
  4. "The Land of the Red Dragon" (as en) (1979): 70. Published jointly by the Girl Guides Association of Wales and the University of Wales Press Board.