Llywelyn ap Gruffudd
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1220 (Féilire Ghréagóra) |
| Bás | 11 Nollaig 1282 (Féilire Ghréagóra) 61/62 bliana d'aois Llanfair-ym-Muallt |
| 1247 – 1282 | |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | monarc |
| Eile | |
| Teideal uasal | Prionsa na Breataine Bige (1267–1282) |
| Teaghlach | Ríshliocht Aberffraw |
| Céile | Eleanor de Montfort (1278 (Féilire Ghréagóra)–) |
| Páiste | Gwenllian of Wales |
| Athair | Gruffydd ap Llywelyn Fawr agus Senana ferch Caradog |
| Siblín | Dafydd ap Gruffudd, Rhodri ap Gruffudd, Owain Goch ap Gruffydd agus Gwladus ferch Senana |
Bhí Llywelyn ap Gruffudd (Llywelyn ein Llyw Olaf) (c. 1225 – 11 Nollaig 1282) ina Thaoiseach ar an Bhreatain Bheag (Breatnais: 'Tywysog Cymru') ó 1258 go 1282,go dtí gur mharaigh saighdiúirí Sasanacha é i gCilmeri, agus an chéad duine ar thug Rí Shasana aitheantas dó mar Phrionsa na Breataine Bige.
Ba é a chuspóir ná an Bhreatain Bheag a aontú, agus throid sé go dian in aghaidh Ríthe Shasana, go háirithe Éadbhard I, chun é seo a bhaint amach. Tugann go leor daoine Llywelyn ein Llyw Olaf (Llewelyn ár dTiarna Deireanach) air mar gurbh é an prionsa deireanach a bhí ag an mBreatain Bheag sular rialaigh Rí Shasana, Éadbhard I, an Bhreatain Bheag ar fad.
Tá a ainm le feiceáil den chéad uair i dtaifid sa bhliain 1243. Nuair a fuair a uncail, Dafydd ap Llywelyn, bás i 1246, ba é an comharba follasach é, ach de réir Chonradh Woodstock na bliana 1247 roinneadh Gwynedd idir an triúr deartháireacha: Llywelyn, Owain (a dheartháir is sine) agus Dafydd. Sa bhliain 1255 chloígh Llywelyn a bheirt deartháireacha agus bhunaigh sé é féin mar an t-aon rialaitheoir ar Gwynedd Uwch Conwy. An bhliain dár gcionn, bhí Y Berfeddwlad faoina cheannas agus laistigh de dhá bhliain, bhí formhór na Breataine Bige dúchasaí (Pura Wallia) faoina smacht.
Tar éis cogadh cathartha i Sasana sa bhliain 1263 faoi cheannas Simon de Montfort, síníodh Comhaontú Trefaldwyn (Breatnais:Cytundeb Trefaldwyn). D'aithin an comhaontú idir Llywelyn agus Anraí III Shasana seasamh Llywelyn mar Phrionsa na Breataine Bige agus an ceart aige ómós a fháil (ardfhlaithiúnas) ó gach prionsa agus tiarna sa Bhreatain Bheag neamhspleách. Rinneadh é sin i láthair Ottobuono, leagáid an Phápa.[1]

Crann Teaghlaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Llywelyn Fawr 1173-1200-1240 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Gruffydd ap Llywelyn 1200-1244 | Dafydd ap Llywelyn 1215-1240-1246 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Owain Goch ap Gruffydd d. 1282 | Llywelyn ap Gruffudd
(Llywelyn yr Ail) 1223-1246-1282 | Dafydd ap Gruffydd 1238-1282-1283 | Rhodri ap Gruffudd 1230-1315 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Gwenllian 1282-1337 | Llywelyn ap Dafydd 1267-1283-1287 | Owain ap Dafydd 1265-1287-1325 | Tomas ap Rhodri 1300-1325-1363 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Owain Lawgoch 1330-1378 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ J. Beverley Smith, Llywelyn ap Gruffudd, Tywysog Cymru (Caerdydd, 1986), tt. 153-6.