Llywelyn Fawr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLlywelyn Fawr

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(cy) Llywelyn mab Iorwerth
c. 1173 (Féilire Ghréagóra)
Dolwyddelan, Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Aibreán 1240
66/67 bliana d'aois
Mainistir Aberconwy, Tiarnas Gwynedd Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaMainistir Aberconwy Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Teideal uasalPrionsa na Breataine Bige Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachTeaghlach Gwynedd Cuir in eagar ar Wikidata
CéileJoan, Bantiarna na Breataine Bige (1205 (Féilire Ghréagóra)–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíTangwystyl Goch Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteGruffydd ap Llywelyn Fawr
 ( Tangwystyl Goch)
Dafydd ap Llywelyn
 ( Joan, Bantiarna na Breataine Bige)
Tegwared y Bais Wen
 ( NN (en) Aistrigh)
Susanna ferch Llywelyn
 ( )
Angharad ferch Llywelyn
 ( Joan, Bantiarna na Breataine Bige)
Elen ferch Llywelyn
 ( Joan, Bantiarna na Breataine Bige)
Gwladus Ddu
 ( Joan, Bantiarna na Breataine Bige)
Margaret ferch Llywelyn
 ( NN (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairIorwerth Drwyndwn  agus Marared ferch Madog

Bhí Llywelyn FawrLlywelyn ab Iorwerth, (c. 1172- 11 Aibreán 1240) ina Phrionsa Gwynedd i dtuaisceart na Breataine Bige agus ar deireadh thiar ina rialtóir 'de facto' ar an chuid is mó den Bhreatain Bheag. Mar thoradh ar chogaidh agus taidhleoireacht, bhí sé in ann ceannasaíocht na tíre a bhaint amach ar feadh daichead bliain.

Le linn a óige, rialaigh dhá cheann dá uncail Gwynedd, agus bhí an ríocht scoilte eatarthu, i ndiaidh seanathar Llywelyn bás a fháil, sa bhliain 1170. Bhí éileamh an-láidir ag Llywelyn bheith ina rialtóir dlisteanach agus thosaigh sé feachtas chun cumhacht a bhaint amach dó féin nuair a bhí sé measartha óg. Bhí sé ina aon-rialtóir ar Ghwynedd ón bhliain 1200 ar aghaidh agus sa bhliain chéanna, shocraigh sé conradh le Rí Eoin Shasana. Ina dhiaidh sin, lean caidreamh maith idir Llywelyn agus an Rí Eoin ar feadh deich mbliana. Phós sé iníon nádúrtha Eoin Joan, sa bhliain 1205, agus nuair a ghabh Eoin Gwenwynwyn ab Owain, rialtóir Powys Wenwynwyn, sa bhliain 1208, thapaigh Llywelyn an deis chun Powys Wenwynwyn a nasc-ghabhadh. Sa bhliain 1210, chuaigh a chaidreamh in olcas, agus d'ionsaigh Eoin Gwynedd sa bhliain 1211. Bhí iachall ar llywelyn géilleadh don Rí agus a tháilte uilig taobh thoir den Abhainn Conwy a thabhairt suas, ach bhí sé in ann, i gcomhaontas le phrionsaí eile de chuid na Breataine Bige, na tailte seo a bhuachaint ar ais Thaobhaigh sé le chomhghuaillíocht na mbarúin a chur iachall ar Eoin an Magna Carta a shíniú, sa bhliain 1215. Faoin bhliain 1216, bhí cumhacht cheannasach aige ar an Bhreatain Bheag, agus é i mbun comhairle sa bhliain sin ag Aberdyfi, le tailte a chionroinnt ar an phrionsaí eile.