Rory McIlroy
![]() ![]() | |||||||||||||||||
Beathaisnéis | |||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 4 Bealtaine 1989 36 bliana d'aois Ard Mhic Nasca, Northern Ireland ![]() | ||||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | |||||||||||||||||
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Sullivan Upper School (en) ![]() ![]() | ||||||||||||||||
Áit chónaithe | Contae an Dúin | ||||||||||||||||
Meáchan | 73 kg | ||||||||||||||||
Airde | 177 cm ![]() | ||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||
Suíomh oibre | Tuaisceart Éireann ![]() | ||||||||||||||||
Gairm | galfaire ![]() | ||||||||||||||||
Tréimhse oibre | 2007 – | ||||||||||||||||
Teangacha | Béarla | ||||||||||||||||
Tír spóirt | Éire ![]() | ||||||||||||||||
Spórt | galf ![]() | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
Ghlac sé/sí páirt i | |||||||||||||||||
2021 | golf at the 2020 Summer Olympics – men's individual (en) ![]() ![]() |
||||||||||||||||
Teaghlach | |||||||||||||||||
Céile | Erica Stoll (2017–) ![]() | ||||||||||||||||
Páirtí | Caroline Wozniacki (2011–2014) ![]() | ||||||||||||||||
Gradam a fuarthas | |||||||||||||||||
Ainmnithe do
| |||||||||||||||||
Suíomh gréasáin | rorymcilroy.com ![]() | ||||||||||||||||
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Galfaire gairmiúil é Rory McIlroy as Tuaisceart Éireann. Bhuaigh sé an Chaithréim Mhór sa ghailf ar an 13 Aibreán 2025 i gCraobh na Máistrí in Augusta, Georgia.[1] Bhí an Chaithréim Mhór Gailf beirthe ag McIlroy ó bhuaigh sé cheana Craobh Oscailte na Stát Aontaithe (2011)), Craobh Oscailte na Breataine (2014) agus Craobh Chumann na nGalfairí Gairmiúla na Stát Aontaithe (2012, 2014). Ba é bua in Augusta in 2025 an chéad mhórchomórtas a bhuaigh McIlroy ó 2014.
Tá McIlroy ar dhuine den fhíorbheagán i stair an ghailf a rinne an éacht chéanna. Níl ann go deimhin ach ceathrar eile, mar atá. Gene Sarazen (1935), Ben Hogan (1953), Gary Player (1965), Jack Nicklaus (1966) agus Tiger Woods (2000).[2] Is é an chéad Eorpach é a d'éirigh leis an éacht seo a bhaint amach.
Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is as Ard Mhic Nasca i gContae an Dúin é McIlroy ó dhúchas.
Bhuaigh McIlroy Craobh an Domhain faoi bhun deich mbliana d’aois in Miami.
Bhain McIlroy an chéad áit amach san World Amateur Golf Ranking ar feadh seachtain amháin, nuair a bhí sé 17 mbliana d'aois, sa bhliain 2007.



Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'imir McElroy a chéad chluiche gairmiúil agus é 17 mbliana d'aois ar 18 Meán Fómhair 2007.
Níos déanaí, sa bhliain chéanna, chuaigh McIlroy leis an spórt ar bhonn gairmiúil. Bhuaigh sé a chéad duais amach san Ilchomórtas Eorpach Chumann na nGalfairí Gairmiúla (PGA) sa bhliain 2009, agus sa Chraobh Chumann na nGalfairí Gairmiúla (PGA na S-A) sa bhliain 2010.
Bhí sé ina ionadaí ar son na hEorpa sa Chorn Ryder. Bhí McIlroy ar fhoireann na hEorpa a bhuaigh Corn Ryder trí huaire i ndiaidh a chéile: 2010, 2012 agus 2014.
Bhuaigh McIlroy Comórtas Oscailte Mheiriceá sa bhliain 2011 agus é ocht mbuille chun tosaigh.
D'imir McIlroy i gCraobh na Máistrí in Augusta in 2018. Thosaigh sé an lá deireanach sa dara háit, 3 phointe taobh thiar de Patrick Reed. Bhuaigh Patrick Reed Craobh na Máistrí agus tháinig Rickie Fowler sa dara háit.[3]
Bhuaigh McIlroy an Wells Fargo Championship i Charlotte i North Carolina i Meiriceá ar an 11/12 Bealtaine 2024. Bhí Séamus Power sa séú háit déag agus Shane Lowry sa seachtú háit is daichead.[4]
2025
[cuir in eagar | athraigh foinse]Roimh 2025, ba é Craobh na Máistrí, nó an Masters, an t-aon mhórchomórtas nach raibh buaite ag galfaire Ard Mhic Nasca.[5] Leis an mbua ag The Masters i 2025, tháinig McIlroy ar an séú imreoir i stair an gailf a bhuaigh an an Chaithréim Mhór, rud a chiallaíonn go bhfuil gach ceann de na ceithre mhórchraobh buaite aige.[6]
Is tar éis babhta réitigh a fuair fear Ard Mhic Nasca an ceann is fearr ar an aon iomaitheoir eile a bhí fanta a bhí fanta sa chomórtas, an Sasanach Justin Rose.[2] Fuair sé an ceann is fearr ar Rose ar pholl réitigh chun an Masters a bhuachan, in ainneoin é a bheith ceithre bhuille chun cinn ag tús na himeartha an lá roimhe sin.[5] Chomh maith leis an onóir, bhain McIlroy seaicéad glas na Máistrí agus níos mó ná ceithre mhilliún dollar.[7]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phós McIlroy Erica Stoll, iar-oibrí le PGA of America, i mí Aibreáin 2017. Bhí tréimhse dheacair acu i 2024 nuair a cuireadh tús le próiseas colscartha, ach cuireadh ar ceal é.[8]
Tá McIlroy aitheanta ní hamháin as a scileanna gailf, ach freisin as a thionchar ar an spórt agus a ról mar ambasadóir do ghalf ar fud an domhain.
Thosaigh McIlroy eagraíocht charthanachta The Rory Foundation. Cabhraíonn an eagraíocht le páistí ar fud an domhain atá tinn nó bocht nó ag fulaingt. Chuir McIlroy airgead ar fáil le hionad saoire a thógáil i gContae an Dúin do pháistí atá ag fulaingt de bharr ailse.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ RTÉ News (2025-04-13). "McIlroy wins Masters and achieves sporting immortality" (as en).
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2025-04-14). "Gaisce mór gailf McIlroy á thréaslú leis go forleathan" (as ga-IE).
- ↑ ELeathanach 290, 9 Aibreán 2018
- ↑ ELeathanach 468, 13 Bealtaine 2024
- ↑ 5.0 5.1 "‘Údar mórtais don náisiún’ – Rory McIlroy sa Táin i ndiaidh ghaisce Augusta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-04-14). Dáta rochtana: 2025-04-14.
- ↑ Cúigear eile a dhein an gaisce sin, Gene Sarazen i 1935, Ben Hogan i 1953, Gary Player i 1965, Jack Nicklaus i 1966 agus Tiger Woods in 2000.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (19 Aibreán 2025). "Nuacht Mhall (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-04-19.
- ↑ Matt Cradock last updated Contributions from Jonny Leighfield (2022-01-16). "Who Is Rory McIlroy’s Wife?" (en). Golf Monthly Magazine. Dáta rochtana: 2025-04-14.