Roman Herzog
Cuma
Ba dhlíodóir agus polaiteoir Gearmánach é Roman Herzog (5 Aibreán 1934 - 10 Eanáir 2017), Bhí sé ina Uachtarán ar Chúirt Bhunreachtúil Fheidearálach na Gearmáine (Bundesverfassungsgericht) ó 1987 go 1994. Agus an seachtú huachtarán ar an nGearmáin ab ea é, ó 1994 go 1999.[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Herzog a dhochtúireacht sa dlí sa bhliain 1958. Bhí sé ina acadóir dlí ina dhiaidh sin.
Ghlac sé páirt sa pholaitíocht, mar bhall den CDU. Bhí sé ina aire i mBaden-Württemberg ó 1978 go 1983. Toghadh ar Chúirt Bhunreachtúil Fheidearálach na Gearmáine sa bhliain 1983, agus bhí sé ina Leas-Uachtarán uirthi ó 1983 go 1987.
Bhí sé ina chathaoirleach ar an gCoinbhinsiún chun dréacht-Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a ullmhú (1999-2000).[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Scoil Dlí, COBÁC. "Roman Herzog" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-01-10.
- ↑ 2.0 2.1 europa.eu. "Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh". Dáta rochtana: 2021.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |