Gustav Heinemann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Gustav Heinemann
Bundesarchiv Bild 146-2007-0037, Gustav Heinemann.jpg
Mayor of Essen (en) Aistrigh


member of the Landtag of North Rhine-Westphalia (en) Aistrigh


Q106836311 Aistrigh

1949 - 1955
Federal Minister of the Interior (en) Aistrigh

Meán Fómhair 20, 1949 - Deireadh Fómhair 11, 1950 - Robert Lehr
ball de Bhundestag na Gearmáine

Deireadh Fómhair 15, 1957 - Deireadh Fómhair 15, 1961
Federal Minister of Justice (en) Aistrigh

Nollaig 1, 1966 - Márta 26, 1969
Richard Jaeger - Horst Ehmke
7. uachtarán na Gearmáine

Iúil 1, 1969 - Meitheamh 30, 1974
Heinrich Lübke - Walter Scheel
Election: 1969 West German presidential election (en) Aistrigh
Saol
Ainm iomlán Gustav Walter Heinemann
Eolas breithe Schwelm, Iúil 23, 1899
Náisiúntacht An Ghearmáin
Teanga dhúchais An Ghearmáinis
Bás Essen, Iúil 7, 1976
Áit adhlactha municipal park cemetery of Essen (en) Aistrigh
Muintir
Athair Otto Heinemann
Céile/Céilí Hilda Heinemann (en) Aistrigh
Páistí
Oideachas
Alma mater Ollscoil Marburg
Ludwig Maximilian University of Munich (en) Aistrigh
Teangacha An Ghearmáinis
Gairm
Gairm polaiteoir, dlíodóir agus diagaire
Áit oibre Düsseldorf agus Bonn
Fostóirí Ollscoil Köln
Duais
Creideamh
Reiligiúin Liútarachas
Páirtithe polaitíochta Christian Democratic Union (en) Aistrigh
All-German People's Party (en) Aistrigh
Páirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine
Christian Social People's Service (en) Aistrigh
IMDb nm2753376
Signatur Gustav Heinemann.jpg
1970
1949ː an Generalsynode, evangelischen Kirche in Deutschland (E.K.i.D.)

Dlíodóir agus polaiteoir de chuid na Gearmáine ba ea Gustav Heinemann (23 Iúil 18997 Iúil 1976), a bhí ina Uachtarán ar Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine idir 1969 agus 1974.[1]

Kieler Woche 1970
1974, le Hilda Heinemann, a bhean

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ré Weimar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1926, rinneadh dlíodóir de Heinemann. Bhí dhá dhochtúireacht aige (PhD a bronnadh sa bhliain 1922 agus LLD a bronnadh sa bhliain 1929).[2]

In Essen a bhí Heinemann ag dlíodóireacht agus bhí sé ina chomairleoir dlí (1929-49) agus stiúrthóir (1936-49) de chuid Rheinische Stahlwerke AG.

I dtréimhse Weimar, bhí Heinemann ina thacaí de chuid Pháirtí Daonlathach na Gearmáine agus na Seirbhíse Pobail Críostaí Sóisialta agus thug sé a vóta do na Daonlathaithe Sóisialta (SPD) sa bhliain 1933 mar an gcaoi is éifeachtaí cur in aghaidh na Naitsithe.

Ós rud é nár thréig sé a ghaol lena shinsir dhaonlathach liobrálach agus go raibh sé ina bhall den Eaglais Fhaoistiniúil, dhiúltaigh Heinemann dul isteach sa Pháirtí Naitsíoch. Ina ionad sin, chabhraigh sé, go gairmiúil agus go pearsanta, daoine a bhí ag cur in aghaidh an réimis nó a bhí leatrom á imirt aige orthu.

I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, bhí Heinemann chun tosaigh san fheachtas go n-admhódh an Eaglais Shoiscéalach sa Ghearmáin nár chuir a cuid ball in aghaidh réimeas na Naitsithe, mar a d'admhaigh an Eaglais i nDearbhú Stuttgart i mí Dheireadh Fómhair 1945. Bhí sé gníomhach i gceannasaíocht na Eaglaise Soiscéalaí go ceann deich mbliana eile.

Hilda Heinemann, a bhean, 1969

Tréimhse iarchogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ball bunaidh den Aontas Daonlathach Críostaí (CDU) ba ea Heinemann sa bhliain 1946. Bhí sé ina Aire Dlí agus Cirt i dTuaisceart na Réine agus an Viostfáil (1947-48) agus ina Aire Gnóthaí Baile feidearálach (1949-50.)

D'fhág Heinemann an CDU mar gheall ar cheist atharmáil na Gearmáine (a raibh an ghráin aige uirthi. Sa bhliain 1952, bhí sé i measc bhaill bhunaidh Pháirtí Pobail na Gearmáine Iomláine, a bhí ar son Gearmáine athaontaithe neodrach dímhíleataithe. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé isteach sna Daonlathaithe Sóisialta.

Tar éis dó éirí as mar Aire sa bhliain 1950, atosaigh Heinemann ag dlíodóireacht. Ba mhinic a bhí sé ina ionadaí ar son easaontóirí, ar nós diúltóirí coinsiasacha. Ina theannta sin d'oibrigh sé chun príosúnaigh pholaitiúla in Oirthear na Gearmáine a scaoileadh.

Aire Dlí agus Cirt, 1966-1969[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuimneachán Rastatt, 1974

Bhí Heinemann ina Aire Dlí agus Cirt leasaitheach i gcomhrialtas CDU-SPD idir 1966 agus 1969. Bhí sé freagrach as leasuithe ar an gcód coiriúil i dtreo an athshlánaithe agus an imeasctha shóisialta agus as deireadh a chur le cionta maidir leis an adhaltranas agus leis an gnéas idir fir fásta toilteanacha. Mar sin féin, bhí sé i gcoinne an dlí maidir leis an nginmhilleadh a mhaolú.

I mí Bealtaine 1968, cuireadh cumhachtaí práinne isteach sa Bunreacht. Forálacha an-chonspóideach a bhí ann. Ach thacaigh Heinemann leo go huile agus go hiomlán.

Uta Ranke-Heinemann, iníon agus diagaire Caitliceach

In ainneoin na tacaíochta sin, neartaíodh an íomhá a bhí ag Heinemann mar phearsa fhorásach, a bhí ar son na nua-aimsearthachta, de bharr a chuid ráiteas muinteartha maidir le gluaiseacht na mac léinn agus an aosa óig i gcoitinne ar son an athraithe shóisialta. Neartaíodh an íomhá go mór mór ó ba rud é gur cháin An tSeansailéir Kiesinger go géar Heinemann agus a chuid smaointe .

Uachtarán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1969, toghadh Heinemann ina Uachtarán ar Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine. Ag é ag tabhairt "uachtarán na saoránach" air féin, chuaigh Heinemann i ngleic leis an oifig leis an dearcadh neamhfhoirmeálta cothromaíoch céanna. Dá bharr sin bhí an-chion ag aos óg na Gearmáine ar Heinemann.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. www.bundespraesident.de: (2011). "Der Bundespräsident / Gustav Heinemann". www.bundespraesident.de. Dáta rochtana: 2021-07-08.
  2. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Gustav Heinemann". Dáta rochtana: 2021.