Joachim Gauck

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJoachim Gauck

(2012) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Eanáir 1940
84 bliana d'aois
Rostock (Gearmáin na Naitsithe)
11 Uachtarán na Gearmáine
18 Márta 2012 – 18 Márta 2017
← Christian Wulff (en) AistrighFrank-Walter Steinmeier →
Ball de Bhundestag na Gearmáine
3 Deireadh Fómhair 1990 – 4 Deireadh Fómhair 1990
Téarma parlaiminte: 11th German Bundestag (en) Aistrigh

Federal Commissioner for the Stasi Records (en) Aistrigh
3 Deireadh Fómhair 1990 – 10 Deireadh Fómhair 2000 – Marianne Birthler →
Member of the Volkskammer (en) Aistrigh
18 Márta 1990 – 2 Deireadh Fómhair 1990 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnLiútarachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Rostock Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghearmáinis
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Bonn Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, iriseoir, rannpháirtí i bhfóram idirnáisiúnta, múinteoir ollscoile, tréadaí, scríbhneoir neamhfhicsin, frithchumannaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAlliance 90 (en) Aistrigh (1990–1990)
Fóram Nua (1989–1990) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghearmáinis agus Béarla
Ghlac sé/sí páirt i
20 Eanáir 2016Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2016 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileGerhild Gauck (1959–1991) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíHelga Hirsch (1990–1998)
Daniela Schadt (2000–) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairWilhelm Joachim Gauck  agus Olga Gauck
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm2458206 Musicbrainz: cf238b38-151e-4e27-a202-27c8a2795be6 Discogs: 4541842 Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Joachim Gauck an chéad uachtarán déag na Gearmáine. Toghadh mar uachtarán é ar an 18 Márta 2012.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Joachim Gauck ar an 24 Eanáir 1940 sa teaghlach mairnéalaigh i Rostock ar an Muir Bhailt. Captaen farraige ba ea a athair Joachim. Bainisteoir oifige ba ea a mháthair Olga. Nuair a bhí sé ina óige chaith a athair ceithre bhliana i mbraighdeanas sa tSibéir ón mbliain 1951 go dtí 1955. Ag an am céanna tharla Éirí Amach 17 Meitheamh ar an seachtú lá déag de mhí Meitheamh 1953 i bPoblacht Dhaonlathach na Gearmáine (DDR). D'fhorbair Gauck frith-Chumannachas láidir leis na heachtraí an ama sin. I ndiaidh sin, sa tréimhse ó lár na seascaidí go deireadh na n-ochtaidí, bhí sé ina shagairt mar thréadaí Protastúnach i Mecklenburg i dtuaisceart na DDR agus bhí sé gníomhach chomh maith ag an am sin mar ghníomhaí ar son chearta an duine. Tar éis thitim Bhalla Bheirlín sa bhliain 1989, bhí sé gníomhach san eagraíocht daonlathach Neues Forum agus toghadh é mar bhall de pharlaimint na DDR ar an 18 márta 1990. Tar éis athaontú na Gearmáine sa bhfomhair i 1990, bhí sé ina phríomhfheidhmeannach ar an BStU (Oifig Taighde sa Chartlann Stasi) le tréimhse deich mbliana ó Dheireadh Fómhair 1990 go dtí Deireadh Fómhair 2000.

Toghchán uachtaránachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghlac sé páirt mar iarrthóir sa toghchán uachtaránachta dhá uair. Bhí sé ina iarrthóir don chéad uair sa bhliain 2010 tar éis éirí as uachtaránacht den naoú uachtarán Horst Köhler. Bhí sé ag an am sin ina iarrthóir fhreasúra (SPD agus Bündnis 90/Die Grünen) ach toghadh mar dheichiú Uachtarán na Gearmáine Christian Wulff, iarrthóir an rialtais (CDU/FDP agus Angela Merkel). Nuair a d’éirigh Christian Wulff as an bpost ar an 17 Feabhra 2012, bhí Gauck ainmnithe mar iarrthóir don dara huair, ach anois bhí sé ina iarrthóir na bpáirtithe CDU, FDP, SPD agus Bündnis 90/Die Grünen le chéile. Mar sin, toghadh Gauck mar Uachtarán ar an 18 Márta 2012 le 991 de 1232 vótaí aige.

Teaghlach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1959, phós sé Gerhild, a bhean chéile agus tá ceathrar clainne acu. Ón mbliain 1991, tá siad scartha, ach ní colscartha. Sa bhliain 2000 thit Joachim Gauck i ngrá le Daniela Schadt, iriseoir as Nürnberg, agus tá siad curtha le chéile ó shin.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]