Jump to content

Rocócó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é atá i gceist leis an Rocócó ná stíl ornáideach ealíne a d'fhorbair as an Bharócas sa Fhrainc san ochtú haois déag. Tá an téarma bunaithe ar an bhfocal Francach rocaille, is é sin, cineál maisithe déanta as cloch agus sliogáin, a chuireadh ar phailliúin nó ar ghaiséabó.

Bhí an stíl seo faoi bhláth sa bhFrainc agus deisceart na Gearmáine timpeall 1700-1750, sular tháinig faisean nuachlasaiceach ina ionad. Cé go raibh an Barócach drámata agus cumasach galamaisíoch, rinne an Rocócó iarracht taitneamh agus fíneáltacht a bhaint amach ar scála beag, le hiarmhairtí dromchlacha in ionad maiseanna dearfacha. Mar sin, bhain sé an rath is mó amach mar stíl mhaisiúcháin inmheánaigh, mar shampla i ndearthaí Pierre Lapautre (c 1648-1716), Gilles-Marie Oppenord (1672-1742), Nicolas Pineau (1684-1754), agus Juste Aurèle Meissonier (c 1693-1754). Ba é Watteau an péintéir ba cháiliúla den stíl Rocócó.[1]

  1. ↑ Hussey, Matt (2011). "Rocócó". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 564.