Robin Ngangom
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1959 64/65 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | North-Eastern Hill University (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, file |
File agus aistritheoir ó Manipur in Oirthuaisceart na hIndia is ea Robin S. Ngangom (a rugadh i 1959).
Beatha agus saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Ngangom staidéar ar an litríocht in St Edmund’s College agus in Ollscoil Sléibhe an Oirthuaiscirt in Shillong. Scríobhann sé i mBéarla agus in Meiteilon, teanga áitiúil.[1] Deir sé go bhfáisctear a chuid filíochta as a bheatha féin, mórán. Ach is file polaitiúil ó cheantar suaite freisin é agus tá fearg agus tocht le mothú ina shaothar. Aistrítear cuid de na dánta ó Meiteilon go Béarla agus a mhalairt.[2]
Foilsíodh a aiste "Poetry in a Time of Terror" in The Other Side Of Terror: An Anthology Of Writings On Terrorism In South Asia, leabhar a chuir Oxford University Press, New Delhi, amach sa bhliain 2009. Bhuaigh sé Duais Katha an Aistriúcháin sa bhliain 1999.
Liosta leabhar
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Desire of Roots (i mBéarla). Cuttack: Chandrabhaga, India 2006
- Time's Crossroads (i mBéarla). Hyderabad: Orient Longman Ltd, India 1994. ISBN 0-86311-456-3
- Words and the Silence (i mBéarla). Kolkata: Writers Workshop, India 1988
Naisc
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ https://en.wikipedia.org/wiki/Meitei_language
- ↑ Arundhathi Subramaniam: “Robin Ngangom,” https://www.poetryinternationalweb.net/pi/site/poet/item/11771/27/Robin-Ngangom Curtha i gcartlann 2018-03-31 ar an Wayback Machine. Léite ar 11 Iúil 2018