Litríocht Indiach i mBéarla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Baineann an téarma Litríocht Indiach i mBéarla le scríbhneoirí san India a scríobhann i mBéarla agus a d’fhéadfadh ceann nó cúpla ceann de theangacha dúchais na hIndia a labhairt freisin. Tosnaíonn an litríocht sin le Michael Madhusudan Dutt, agus leanann sí le R. K. Narayan, Mulk Raj Anand agus Raja Rao, údair a bhí ag scríobh sna 1930í.[1] Tá baint aici freisin le scríbhneoirí atá nó a bhí ina gcónaí thar lear.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá stair na litríocht seo réasúnta gearr agus gan í ach céad bliain go leith d'aois. An chéad leabhar a scríobh Indiach i mBéarla ba é Travels of Dean Mahomet é, scéal taistil le Sake Dean Mahomet a foilsíodh i Sasana sa bhliain 1793. Ar dtús bhí rian an úrscéil Iartharaigh le haithint ar leabhair Indiacha. Bhain na scríbhneoirí luatha úsáid as Béarla a bhí glan ó fhocail Indiacha agus iad ag iarraidh saol na hIndia a léiriú. Scríobh Bankim Chandra Chattopadhyay (1838 - 1894) Rajmohan’s Wife, leabhar a d'fhoilsigh sé sa bhliain 1864; is é an chéad úrscéal Indiach é a scríobhadh i mBéarla.

Scríobh Rabindranath Tagore (1861 - 1941) i Beangáilis agus i mBéarla agus bhí sé freagrach as na haistriúcháin Bhéarla a rinneadh dá shaothair Bheangáilise. Ba é Dhan Gopal Mukerji (1890-1936) an chéad údar Indiach a bhain duais liteartha sna Stáit Aontaithe. Tá iomrá le Nirad C. Chaudhuri (1897-1999), scríbhneoir neamhfhicsin, as a leabhar Autobiography of an Unknown Indian (1951) agus cuntas aige ann ar a ndeachaigh i bhfeidhm ar a shaol. Sna 1950í bhunaigh P. Lal (1929-2010), file, aistritheoir, foilsitheoir agus scríbhneoir aistí, an preas Writers’ Workshop ar mhaithe le Béarla na hIndia. Scríobh an veigeatóir Caismíreach Ram Nath Kak (1917 - 1993) dírbheathaisnéis dar theideal Autumn Leaves, cuntas grinn ar shaol na Caismíre sa fichiú haois.

B’fhada R. K. Narayan (1906-2001) i mbun pinn agus lean sé air ag scríobh go dtí lá a bháis. Chabhraigh Graham Greene leis foilsitheoir a fháil i Sasana, agus bhí siad mór le chéile go deireadh a saoil. Tá scéalta Narayan suite in Malgudi, baile samhailteach, agus iad lochtaithe ag criticeoirí éigin toisc nach bhfreagraíonn saol an bhaile sin do na hathruithe a bhí teacht ar an tír. Shíl Greene agus a leithéidí eile, áfach, gur thug siad léargas soiléir suimiúil ar shaol na hIndia.

Is sampla maith dá stíl scríbhneoireachta an léiriú a dhéantar ar shaol an bhaile bhig trí shúile an bhuachalla Swaminathan in Swami and Friends. San am céanna bhí clú ag teacht ar scríbhneoir de shórt eile ar fad, Mulk Raj Anand (1905-2004), de bharr scéalta a bhí suite i dtuaisceart na hIndia, ach bhí a shaothar siúd níos géire agus cuntas ann a bhí coscrach go leor uaireanta ar ar tháinig de dhifríochtaí aicme, sainaicme agus creidimh. Deir an scríbhneoir Lakshmi Holmström, "The writers of the 1930s were fortunate because after many years of use, English had become an Indian language used widely and at different levels of society, and therefore they could experiment more boldly and from a more secure position".[1][1] Is minic a luaitear Kamala Markandeya in éineacht leis an triúr RK Narayan, Mulk Raj Anand agus Raja Rao mar scríbhneoir Béarla.[2]

Ní admhaítear go forleathan fós cá mhéad a rinne Manoj Das agus Manohar Malgoankar chun cur le saothrú liteartha an Bhéarla.[3]

Níos déanaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Salman Rushdie ar na scríbhneoirí is suntasaí a rugadh san India agus a scríobhann i mBéarla. Tá sé ina gcónaí sna Stáit Aontaithe anois. Bhain a shaothar Midnight's Children Duais Booker 1981, Booker of Bookers 1992, agus Best of the Bookers 2008. Bhí blas nua ar a chuid scríbhneoireachta agus úsáid á baint aige as teanga mheasctha - Béarla a bhí breac le téarmaí Indiacha agus a d’fhéadfadh mionchúrsaí na tíre a thabhairt chun soiléire da bharr. De ghnáth déantar é a cheangal leis an réalachas taibhsiúil, rud a luaitear go minic le leithéidí Gabriel García Márquez.

Nayantara Sehgal ar dhuine de na chéad scríbhneoirí Indiacha a fuair aitheantas forleathan i mBéarla. Cuireann sí síos ar uasaicme na hIndia agus iad ag dul i ngleic le géarchéimeanna poliatiúla na tíre. Bhain sí Gradam Sahitya Akademi 1986 as a húrscéal, Rich Like Us (1985); is é Sahitya Akademi Acadamh Náisiúnta Liteartha na hIndia. Fuair Anita Desai, a bhí gearrliostaithe don Duais Booker trí huaire, Gradam Sahitya Akademi 1978 as a húrscéal Fire on the Mountain agus an Guardian Prize as The Village by the Sea. Bhuaigh a hiníon Kiran Desai Duais Man Booker 2006 as a dara húrscéal, The Inheritance of Loss. Fuair Ruskin Bond Gradam Sahitya Akademi 1992 as a chnuasach gearrscéalta Our Trees Still Grow in Dehra. Chomh maith leis sin, eisean a scríobh an t-úrscéal stairiúil A Flight of Pigeons, atá bunaithe ar eachtra de chuid Cheannairc Indiach 1857.

Baineann Vikram Seth, údar The Golden Gate (1986) agus A Suitable Boy (1994), tairbhe as Béarla neamh-Indiach agus as téamaí níos réadúla. Scéalaí soléite traidisiúnta é agus glaoch mór ar a shaothar dá bharr. Tá sé ina fhile nótáilte freisin.

Scríbhneoir eile a chuir go mór leis litríocht Bhéarla na hIndia Indiach is ea Amitav Ghosh. Scríobh sé The Circle of Reason (1986), The Shadow Lines (1988), The Calcutta Chromosome (1995), The Glass Palace (2000), The Hungry Tide (2004), agus Sea of Poppies (2008), an chéad chuid den tríológ The Ibis, atá suite sna 1830í, díreach roimh Chogadh an Ópiam, agus a chuireann síos ar choilíneachas an Oirthir. Is é River of Smoke (2011) an leabhar is déanaí uaidh, agus an dara leabhar den tríológ.

Údar Ceanadach é Rohinton Mistry ach rugadh san India é. Bhain sé an Neustadt International Prize for Literature (2012). Ba é a chéad leabhar Tales from Firozsha Baag (1987), cnuasach gearrscéalta a d'fhoilsigh Penguin Books i gCeanada. Tugadh moladh mór do na húrscéalta Such a Long Journey, (1991) agus A Fine Balance (1995).

Tá féith an aoir le mothú in The Great Indian Novel, úrscéal le Shashi Tharoor a ghabhann siar is aniar tríd an am. Tá neamhchlaontacht i leith na hIndia le mothú ina shaothar, rud a bhféadfadh baint a bheith aige lena thaithí mar fheidhmeanach sna Náisiúin Aontaithe. Aistríonn Vikram Chandra idir an India agus na Stáit Aontaithe agus tháinig clú criticiúil air as a chéad úrscéal, Red Earth and Pouring Rain (1995), agus cnuasach gearrscéalta, Love and Longing in Bombay (1997). Tháinig iomrá ar Vikram A. Chandra de thoradh a leabhair The Srinagar Conspiracy (2000). Tá Suketu Mehta ina chónaí faoi láthair sna Stáit Aontaithe agus Maximum City (2004) foilsithe aige, cuntas ar a shaol i gcathair Mumbai. Sa bhliain 2008 fuair Arvind Adiga Duais an Man Booker as a chéad úrscéal, The White Tiger.

Tá scríbhneoirí eile ann, leithéidí Arundhati Roy agus David Davidar, atá níos fréamhaithe ina bhfearann féin. Cuireann Roy síos uirthi féin mar scríbhneoir “dúchasach”; bhain The God of Small Things Duais Booker 1997, agus tá dlúthbhaint ag a saothar le tírdhreach leathan Kerala. Tá leabhar Davidar, The House of Blue Mangoes, suite i ndeisceart na tíre, in Tamil Nadu. Sa dá leabhar tá an-tábhacht leis an tíreolaíocht agus leis an bpolaitíocht. Gníomhaí polaitiúil agus sóisialta is ea Roy agus an-aithne uirthi thar lear. Léiríonn scéalta [[Ratan Lal Basu] saol na ndaoine treibheacha agus mhuintir na sléibhte in Iarthar Bheangál agus sna stáit in aice leis - Sikkim, an Bhútáin agus Neipeal. Léiríonn a lán scéalta dá chuid saol corraithe polaitiúil Iarthar Bheangál ó aimsir ghluaiseacht na Nacsailíteach sna 1970í.

Ina úrscéal Lament of Mohini (2000), scríobhann Shreekumar Varma faoi na Namboodiris agus uasaicne Kerala agus tagairt déanta aige don chóras matrarcach agus do phósadh sammandham. Ar an gcaoi chéanna, scríobhann Arnab Jan Deka, innealtóir oilte agus dlítheoir, faoin eiseachas spioradálta agus fisiciúil ar bhruach abhainn an Brahmaputra, agus chuir sé leabhar filíochta amach in éineacht leis an úrscéalaí agus file Tess Joyce, dar teideal A Stanza of Sunlight on the Banks of Brahmaputra (1983, an India agus an Bhreatain 2009), ag cur shíorshruth na beatha in iúl. Chuir sé cnuasach gearrscéalta amach, The Mexican Sweetheart & other stories (2002), ag plé na rudaí a dhealaíonn daoine amach ó chéile. Fuair cnuasach gearrscéalta, Next Door, le Jahnavi Barua, ardmholadh. Údar í as Assam atá ina cónaí in Bangalore agus an cheannairc in Assam mar chúlra ag a saothar.

Díospóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar na cnámha spairne is mó a bhaineann le litríocht Indiach i mBéarla tá fiúntas na scríbhneoireachta sin le hais a bhfuil á scríobh i dteangacha dúchais na tíre. I measc phríomhthéarmaí na díospóireachta tá beagthábhacht/údaracht, aithriseach/cruthaitheach, éadomhain/domhain, criticiúil/neamhchriticiúil, scothroghnach/comónta.

Tá dhá thaobh na díospóireachta le fáil i dtuairimí Salman Rushdie agus Amit Chaudhuri ina leabhair The Vintage Book of Indian Writing agus The Picador Book of Modern Indian Literature.

Chuir Rushdie colg ar a lán daoine agus scríbhneoirí Béarla ina measc nuair a thug sé tús áite do scríbhneoireacht i mBéarla. Dúirt sé gur dheacair do dhaoine áirithe a ghlacadh leis an tuairim íorónta gur trí Bhéarla a rinneadh an scríbhneoireacht is fearr a tháinig as an India ó thús an neamhspleáchais amach.[4]

Tuairim eile atá ag Chaudhuri: "Can it be true that Indian writing, that endlessly rich, complex and problematic entity, is to be represented by a handful of writers who write in English, who live in England or America and whom one might have met at a party?"[5]

Is dóigh le Chaudhuri gur thosaigh scríbhneoirí Béarla tar éis Rushdie ag baint feidhm as réalachas taibhsiúil, insint neamhdhíreach agus teanga hibrideach chun téamaí a léiriú a síleadh a thabharfadh léargas ar ghnéanna den India. Cuireann sé é seo i gcomórtas le saothar Narayan agus údair eile dá leithéid, scríbhneoirí a úsáideann Béarla glan ach nach féidir leat ciall a bhaint as a saothar gan tuiscint a bheith agat ar an dúchas. Síleann sé gur rud é an tIndiachas nach bhfuil le fáil ach i scríbhneoireacht Indiach i mBéarla agus nach bhfuil a rian le fáil ar na litríochtaí dúchasacha. Deir sé go bhfuil an tIarthar á lorg féin san úrscéal iarchoilíneach. Déantar samhail de chumasc idéalach de: cumasc a ligean don Iarthar machnamh a dhéanamh ar a iniúchadh stairiúil féin, ar a athmhíniú air féin, seachas ar an Indiachas, cibé rud é an tIndiachas céanna agus é chomh casta sin.[6]

Baineann cuid de na hargóintí seo go dlúth leis an teoiric iarchoilíneach. Is dóigh le daoine áirithe gur cúngú dearcaidh é a rá go bhfuil scríbhneoireacht Indiach i mBéarla ann mar chatagóir ar leith nó mar chuid den litríocht iarchoilineach. B’in é tuairim Amitav Ghosh nuair a dhiúltaigh sé Duais Eoráiseach Scríbhneoirí an Chomhlathais a ghlacadh as a leabhar The Glass Palace sa bhliain 2001. Níl Jhumpa Lahiri, buaiteoir Dhuais Pulitzer ó na Stáit Aontaithe, róshásta ach oiread a bheith áirithe mar scríbhneoir Indiach i mBéarla.

Sampla de neamhdheimhneacht an scéil is ea V. S. Naipaul, Indiach den tríú glúin ó Oileán na Tríonóide agus ó Thobága agus duine a bhuaigh Dhuais Nobel. Cuireann sé síos ar an dúchas, an neamhdhúchas agus ar a dhearcadh féin ar an India, ach ní áirítear é de ghnáth mar scríbhneoir Indiach i mBéarla.

Filíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní thugtar an oiread sin airde ar an bhfilíocht a cumadh mar chuid den scríbhneoireacht Bhéarla. In éineacht le Rabindranath Tagore (a chum filíocht i mBeangáilis agus i mBéarla), bhí filíocht á scríobh ag Derozio, Michael Madhusudan Dutt, Toru Dutt, Romesh Chunder Dutt, Sri Aurobindo, Sarojini Naidu, agus ag a deartháir siúd Harindranath Chattopadhyay.

Sa fichiú haois bhí filí nótáilte eile ag scríobh, leithéidí Dilip Chitre, Kamala Das, Eunice De Souza, Nissim Ezekiel, Kersy Katrak, Shiv K. Kumar, Arun Kolatkar, P. Lal, Jayanta Mahapatra, Dom Moraes, Gieve Patel, A. K. Ramanujan agus Madan Gopal Gandhi.

I measc na bhfilí is óige tá Abhay K, Arundhathi Subramaniam, Anju Makhija, Arnab Jan Deka, Bibhu Padhi, Ranjit Hoskote, Sudeep Sen, Smita Agarwal, Makarand Paranjape, Jeet Thayil, Mani Rao, Jerry Pinto, K. V. Dominic[7], Meena Kandasamy, Nalini Priyadarshni, Gopi Kottoor, Tapan Kumar Pradhan, Rukmini Bhaya Nair, Robin Ngangom, Vihang A. Naik agus K. Srilata.

Ar na filí Béarla thar lear tá Agha Shahid Ali, Sujata Bhatt, Richard Crasta, Yuyutsu Sharma, Tabish Khair agus Vikram Seth.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Haq, Kaiser (ed.). Contemporary Indian Poetry. Columbus: Ohio State University Press, 1990.
  • Haq, Rubana (ed.). The Golden Treasury of Writers Workshop Poetry. Kolkata: Writers Workshop, 2008.
  • Hoskote, Ranjit (ed.). Reasons for Belonging: Fourteen Contemporary Indian Poets. Viking/Penguin Books India, New Delhi, 2002.
  • Singh, Bijender. "Indian Writing in English: Critical Insights." New Delhi, Authorspress, 2014.
  • Indian Writing in English | Men and Dreams in the Dhauladhar by Novels by Indian Authors - Kochery C Shibu
  • Joseph, Margaret Paul. "Jasmine on a String: a Survey of Women Writing English Fiction in India." Oxford University Press, 2014.
  • Kellman G., Steven (ed.). Switching Languages: Translingual Writers Reflect on Their Craft. University of Nebraska Press, 2003.
  • King, Bruce Alvin. Modern Indian Poetry in English: Revised Edition. New Delhi: Oxford University Press, 1987, rev. 2001.
  • King, Bruce Alvin. Three Indian Poets: Nissim Ezekiel, A K Ramanujan, Dom Moraes. Madras: Oxford University Press, 1991.
  • Mehrotra, Arvind Krishna (ed.). The Oxford India Anthology of Twelve Modern Indian Poets. Calcutta: Oxford University Press, 1992.
  • Mehrotra, Arvind Krishna (ed.). A History of Indian Literature in English. New York: Columbia University Press, 2003. Distributed in India by Doaba Books Shanti Mohan House 16, Ansari Road, New Delhi.
  • Parthasarathy, R. (ed.). Ten Twentieth-Century Indian Poets (New Poetry in India). New Delhi: Oxford University Press, 1976.
  • Prem, PCK. English Poetry in India: A Comprehensive Survey of Trends and Thought Patterns New Delhi: Authorspress, 2011.Teimpléad:ASIN
  • Reddy, T. Vasudeva. A Critical Survey of Indo-English Poetry New Delhi: Authorspress, 2016.Teimpléad:ASIN
  • Roy, Pinaki. "Encountering the West: A Very Brief Overview of the Indian Diasporic Novelists". Journal of Higher Education and Research Society (ISSN 2321-9432) 1(1), October 2013: http://herso.org/vol-1-issue-1-oct-2013/
  • Roy, Pinaki. “Dramatic Chronicle: A Very Brief Review of the Growth of Indian English Plays”. Indian Drama in English: Some Perspectives. Ed. Kaushik, A.S. New Delhi: Atlantic Publishers and Distributors Pvt. Ltd., 2013 (ISBN 978-81-269-1772-3). pp. 272–87.
  • Sadana, Rashmi. "Writing in English," in The Cambridge Companion to Modern Indian Culture. Cambridge: Cambridge University Press, 2012.
  • Sadana, Rashmi. English Heart, Hindi Heartland: the Political Life of Literature in India. Berkeley: University of California Press, 2012.
  • Shivdasani, Menka (ed.). Anthology of Contemporary Indian Poetry : USA, BigBridge.Org, Michael Rothenberg, 2004.
  • Souza, Eunice de. "Nine Indian Women Poets", Delhi, Oxford University Press, 1997.
  • Souza, Eunice de. Talking Poems: Conversations With Poets. New Delhi: Oxford University Press, 1999.
  • Souza, Eunice de. Early Indian Poetry in English: An Anthology : 1829-1947. New Delhi: Oxford University Press, 2005.
  • Srikanth, Rajini. The World Next Door: South Asian American Literature and the Idea of America'. Asian American History and Culture. Philadelphia: Temple UP, 2004.
  • Mahapatra, Jayanta & Sharma, Yuyutsu (ed.). Ten: The New Indian Poets. New Delhi: Nirala Publications, 1993. http://niralapublications.com/new-release-ten-the-new-indian-poets/
  • Jha, Vivekananad. (ed) The Dance of the Peacock. Canada: Hidden Brook Press, 2014.