Rinn an Róistigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Rinn an Róistigh
Íomhá
Sonraí
CineálTeach solais
Foirgníocht1835 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla4 Meitheamh 1817 Cuir in eagar ar Wikidata
Tomhas15 (airde) m
Raon teach solaisbán: 20 nmi
dearg: 16 nmi
Airde fócasach30 m
Tréith solaisFl WR 3s
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Chorcaí, Éire
Map
 51°47′N 8°15′W / 51.79°N 8.25°W / 51.79; -8.25

Rinn an Róistigh (Béarla: Roche's Point) suite ar bhéal Chuan Chorcaí, in Éirinn. Tá teach solais ann ón mbliain 1817 chun cabhrú leis na mairnéalaigh a bhíonn ag taisteal go Corcaigh. Nuair a tháinig an RMS Titanic go Corcaigh sa bhliain 1912 chun daoine a bhailiú ón gCóbh (Queenstown ag an am) stop an long ag Rinn an Róistigh, agus tháinig bád níos lú amach chuig an Titanic le paisinéirí. Is ceantar beag é tuairim is 40 míle ó Chathair Chorcaí.

An Teach Solais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh an teach solais sa bhliain 1817. Sa bhliain 1864 cuireadh clog ann mar rabhadh do mhairnéalaigh i rith drochaimsire agus nuair a bhí ceo ann. Cuireadh Diaphone ann sa bhliain 1949 mar bhonnán ceo. Baineadh na hoibrithe sa bhliain 1995 nuair a rinneadh teach solais uathoibríoch as. Cuireadh bonnán ceo leictreach ann in ionad an Diaphone le raon ceithre mhuirmhíle. Cuireadh deireadh le gach bonnán ceo in Éirinn ar 11 Eanáir, 2011 mar gheall ar theicneolaíocht nua. Bíonn splanc ag an solas uair amháin gach trí soicind i rith na hoíche agus nuair a bhíonn an infheictheacht lag. Tá raon 20 muirmhíle ar an solas. Tá Coimisinéirí Soilse na hÉireann i gceannas na dtithe solais in Éirinn. Tá sé i gceist ag Coimisinéirí Soilse na hÉireann an solas leictreach a athrú go ceann LED i Mí Feabhra 2018. Beidh an solas nua suite istigh sa lionsa Fresnel traidisiúnta chun an raon fada a choimeád.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]