Ceo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceo i Chicago

Gal uisce go mbíonn fuaradh tagtha air a bhíonn sa cheo. Mar a chéile é agus na scamaill, ach go mbíonn sé i ngoireacht don talamh. Bíonn fuaradh tagtha ar an ngal uisce a bhíonn ann, ach ní bhíonn sé fuar a dhóthain chun titim ina bháistí. Aimsir cheoch a tugtar ar aimsir go mbíonn ceo ann. Bíonn an ceo an-throm uaireanta, agus is furasta dul amú ann, go mór mór ar an fharraige.