Rhosneigr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilRhosneigr

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°13′40″N 4°31′08″W / 53.2278°N 4.5189°W / 53.2278; -4.5189
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta Aontaithean Bhreatain Bheag
Contaebhuirg na Breataine BigeInis Món
SráidbhaileLlanfaelog Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinrhosneigr.org.uk Cuir in eagar ar Wikidata

Sráidbhaile i bpobal Llanfaelog, Ynys Môn is ea Rhosneigr [1][2].(Fuaim Fuaimniú). Tá sé suite ar chósta thiar an oileáin, ar mhórbhealach an A4080 .Ón gclog i lár an tsráidbhaile is féidir RAF Fali agus Mynydd Twr a fheiceáil. Tá na príomhbhailte Caergybi agus Llangefni agus cathair Bangor go léir laistigh d’achar taistil éasca. Seo an áit is costasaí le cónaí in Ynys Môn ó thaobh praghsanna tithe de.

Tá trá bheag in aice leis an sráidbhaile féin, agus dhá thrá níos mó, Traeth Cymyran agus Thraeth Llydan, in aice láimhe. Tá stáisiún traenach ann, chomh maith le roinnt óstán agus bialann. Is í an turasóireacht an príomhthionscal, cé go n-oibríonn cuid de mhuintir na háite san aerfort Y Fali in aice láimhe, agus do roinnt comhlachtaí eile cuid eile féinfhostaithe. Tá Llyn Maelog in aice láimhe agus ritheann an cosán Llwybr Arfordirol Ynys Mônthar an an sráidbhaile. Tá thart ar 65 acra san iomlán i Llyn Maelog .

Tá Bunscoil i Rosneigr. I measc na ngníomhaíochtaí fóillíochta tá: snámh, tonnmharcaíocht, clársheoltóireacht, sciáil uisce, galf, leadóg agus tumadóireacht scúba. Tá Club Gailf Ynys Môn sa sráidbhaile.

Tá trí phríomhthrá ann:

  • Traeth Cymyran Tá Traeth Cymyran suite ag an taobh thiar de stráice dhá mhíle gainimh a shíneann ón shráidbhaile Rhosneigr. Teorannaítear Cymyran ó Thraeth Crigyll in aice láimhe ag lomán carraigeach ar a dtugtar Ynys Feurig. Is trá í a bhfuil an-tóir uirthi i measc cuideachtaí spóirt uisce, go háirithe mairnéalaigh agus seoltóirí gaoithe
  • Pwll Cwch - trá bheag chreagach ina bhfanann báid thar oíche.
  • Traeth Llydan – taobh ó dheas de Rosneigr tá Traeth Llydan. Tá an trá ghainmheach le dumhcha agus sruthán a ritheann ó Lyn Maelog chun na trá a roinnt.

Tá an trá foirfe chun siúl, surfáil agus curachóireacht. Buaiteoir rialta Gradam an Chósta Ghlais é.

Tá go leor áiteanna le hithe ag Rhosneigir, mar shampla píotsa Aydin, caifí toinne, iasc agus sceallóga Scarlett agus go leor eile.

Bhí an-tóir ar an sráidbhaile le linn na ré Éadbhardaí, agus tá an-tóir air fós mar shráidbhaile cois farraige i gceann de na háiteanna is áille ar Ynys Môn, i dtuaisceart na Breataine Bige.

Caomhnú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Cósta Rhosneigr ainmnithe mar Shuíomh Sainspéise Eolaíochta .

Seoltaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Llywodraeth Cymru
  2. British Place Names; Dáta rochtana 14 Nollaig 2021