Rhiwallon ap Cynfyn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRhiwallon ap Cynfyn
Beathaisnéis
Breith1025
Bás1070
44/45 bliana d'aois
Siocair bháisMaraíodh i gcomhrac
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteGladys Powys, Jonet ferch Rhiwallon ap Cynfyn Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCynfyn ap Gwerstan  agus Angharad ferch Maredudd
SiblínBleddyn ap Cynfyn agus Gruffydd ap Llywelyn

Bhí Rhiwallon ap Cynfyn ( 1025 ? -1070 ) ina rí ar Gwynedd agus ar Phowys i gcomhpháirt lena dheartháir Bleddyn .

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba mhac le Cynfyn ap Gwerstan, rí Powys, ab ea Rhiwallon. Sa bhliain 1063 tar éis do Harold Godwinson an lámh in uachtar a fháil ar Gruffydd ap Llywelyn, agus tar éis dá chuid fear féin é a mharú, fuair Rhiwallon agus Bleddyn ríocht Gwynedd ó Harold.

Trí bliana ina dhiaidh sin, mharaigh na Normannaigh Harold ag Cath Hastings, agus roimh i bhfad bhí siad ar theorainneacha na Breataine Bige. Chuaigh Rhiwallon agus Bleddyn i bpáirt le Mercia chun na Normannaigh a ionsaí.

Sa bhliain 1070 rinne beirt mhac Gruffydd ap Llywelyn iarracht an ríocht a thógáil ón mbeirt dheartháir. I gcath Mechain an bhliain sin, maraíodh beirt mhac Gruffydd, ach maraíodh Rhiwallon freisin, rud a d'fhág Bleddyn i gceannas ar Gwynedd agus Phowys .

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]