Repo Man (scannán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí ScannáinRepo Man
Buneolas
StiúrthóirAlex Cox Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhcharachtair
LéiriúMichael Nesmith, Peter McCarthy agus Gerald Olson Cuir in eagar ar Wikidata
ScriptAlex Cox Cuir in eagar ar Wikidata
CeolTito Larriva Cuir in eagar ar Wikidata
GrianghrafadóireachtRobby Müller Cuir in eagar ar Wikidata
DáileoirUniversal Pictures Cuir in eagar ar Wikidata
Mionsonraí
Tír bhunaidhStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú2 Márta 1984 Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama92 min Cuir in eagar ar Wikidata
BunteangaBéarla (go príomha) Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scannánaíochtaLos Angeles Cuir in eagar ar Wikidata
Dathdaite Cuir in eagar ar Wikidata
Buiséad1,500,000 $ Cuir in eagar ar Wikidata
Cur síos
Seánrascannán ficsin eolaíochta, scannán grinn ficsin eolaíochta, scannán grinn, scannán aicsin agus scannán ficsean eolaíochta ealaíne Cuir in eagar ar Wikidata
Rátáil MPAAR Cuir in eagar ar Wikidata
PríomhábharReaganomics, tomhaltachas, ficsean céadteagmhála agus bailiú fiach Cuir in eagar ar Wikidata
Taispeánann sé/sífochultúr punc Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaLos Angeles Cuir in eagar ar Wikidata
Socraithe sa tréimhse1980idí Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáin oifigiúilalexcox.com… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: tt0087995 Filmaffinity: 108674 Allocine: 9435 Rottentomatoes: m/repo_man Letterboxd: repo-man Mojo: repoman Allmovie: v40959 TCM: 87994 Metacritic: movie/repo-man TV.com: movies/repo-man AFI: 67289 Cuir in eagar ar Wikidata

Repo Chick (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Scannán dúghrinn ficsin eolaíochta Meiriceánach is ea Repo Man a tháinig amach sa bhliain 1984. Scríobh agus stiúraigh Alex Cox é, a chéad scannán mar stiúrthóir. Ba le Harry Dean Stanton agus Emilio Estevez na príomhpháirteanna, le Tracey Walter, Olivia Barash, Sy Richardson, Vonetta McGee, Fox Harris, agus Dick Rude i measc na foirne tacaíochta. Baineann an plota le punc-racaire óg (Estevez) i Los Angeles atá earcaithe ag gníomhaireacht athshealbhaithe gluaisteán agus atá tarraingthe isteach i dtóraíocht Chevrolet Malibu mistéireach a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le neacha eachtardhomhanda. Is aoir é ar an tomhaltachas, ar an Ré Adamhach, agus ar na Stáit Aontaithe faoi rialtas Reagan.

D'fhorbair Cox Repo Man i gcomhar le comhchéimithe dá chuid ó scoil scannánaíochta UCLA, Jonathan Wacks agus Peter McCarthy. Fuair Cox a chuid inspioráide óna thaithí féin ag obair leis an ngníomhaire athshealbhaithe Mark Lewis. Ceapadh Repo Man mar “scannán bóthair” ar dtús, ach d'athscríobh Cox an scéal le bheith ar siúl go príomha i gcathair Los Angeles féin chun é a chur i gcrích laistigh dá bhuiséad teoranta. Tháinig Michael Nesmith (iarbhall de The Monkees) ar bord an tionscadail mar léiritheoir feidhmiúcháin, agus bhain sé amach comhaontú le Universal Pictures. Rinneadh an phríomhghrianghrafadóireacht i rith samhraidh 1983. Spreag Cox tobchumadh ón bhfoireann agus bhí difríocht shuntasach idir deireadh an scannáin agus an méid a scríobhadh ar dtús sa script.[1][2][3] Aithnítear an fhuaimrian, a bhfuil príomhthéama le Iggy Pop air, mar léargas ar phunc crua na 1980idí.[4] Bhí Cox ag iarraidh go gcuirfeadh an ceol béim ar shaol na bhfear athshealbhaithe.[4][5]

In ainneoin trioblóidí nuair a eisíodh Repo Man i dtús báire mar gheall ar amhras Universal ar indíoltacht an scannáin, moladh go hard na spéire é, agus mheas léirmheastóirí go raibh sé ar cheann de na scannáin is fearr i 1984.[6][7] D'fhás saghas cultais bunaithe ar an scannán ó shin i leith, go háirithe ar an leagan atheagarthóireachta den scannán a rinne Cox don teilifís mar gheall ar an dubáil osréalach a cuireadh in áit na mionnaí móra (“melon farmer!”, srl.).[2] Foilsíodh scéal leantach bunaithe ar script le Cox nach raibh léirithe riamh, Waldo's Hawaiian Holiday, mar úrscéal grafach in 2008, agus eisíodh “comharba spioradálta”, Repo Chick, in 2009.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "AFI Catalog — Repo Man". AFI. Dáta rochtana: 2022-07-11.
  2. 2.0 2.1 "The Weirdest Things You Never Knew About The Making Of Repo Man". Gizmodo (2014-12-19). Dáta rochtana: 2022-07-11.
  3. "15 Atomic Truths About Repo Man". Mental Floss (2015-08-21). Dáta rochtana: 2022-07-11.
  4. 4.0 4.1 "Repo Man Soundtrack Review". Creative Noise. Dáta rochtana: 2022-07-11.
  5. "REPO MAN SOUNDTRACK". Repo Man Film. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-07-11. Dáta rochtana: 2022-07-11.
  6. "The 10 Best Movies of 1984". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-12-04.
  7. "The Best Movies of 1984 by Rank — Film 101". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-05-30. Dáta rochtana: 2022-07-11.