Reconquista (Athghabháil na hIspéirne)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
An Athghabháil

Bhí an Athghabháil (Spáinnis: Reconquista) mar tréimhse a mhair 750 bhliain i stair na hIbéire. Sa tréimhse seo d'fhás na ríochtaí Críostaí agus diaidh ar ndiaidh thóg siad talamh ó Stáit na Moslamach.

Lig na ceannairí Spáinneacha orthu go raibh siad ag troid ar son na Críostaíochta ar an leithinis, ionas go bhfaighidís tacaíocht ón bPápa sa Róimh agus tíortha Críostaí eile. I ndáiríre ní raibh sé chomh simplí sin, uaireanta troideadh siad i gcoinne a chéile, uaireanta troideadh Moslamaigh le ríthe Críostaí, rinne siad conarthaí, bhris siad na conarthaí siúd agus phós siad a chéile. Bhí grúpaí eile a athródh taobh ag braith ar an airgead a gheobhaidís.

Thosaigh an athghabháil ag tús an 8ú haois, agus go hoifigiúil thosaigh an athghabháil sa bhliain 722 ag Cath Covadonga.

Chríochnaigh an athghabháil sa Phortaingéil sa bhliain 1249 le gabháil an Algarve faoi réim Afonso III.

Tháinig an fíor athghabháil chun deiridh ar an 2 Eanáir 1492 le gabháil Granada, faoi réim Rí Ferdinand II na hAragóine agus banríon Éilis I ó Castilla, na Ríthe Caitliceacha (los Reyes Católicos).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]