Ramakrishna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRamakrishna

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith18 Feabhra 1836
Kamarpukur Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Lúnasa 1886
50 bliana d'aois
Calcúta Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse laraingeach)
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Hiondúchas
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht
Gairmfealsamh Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinnSwami Vivekananda
TeangachaBeangáilis
Teaghlach
CéileSarada Devi (1859–1886), bás an duine Cuir in eagar ar Wikidata
AthairKhudiram Chattopadhyay  agus Chandramani Devi

Ba mhisteach Indiach é Sri Ramakrishna Paramahamsa (Beangáilis: শ্রীরামকৃষ্ণ পরমহংস) a chuaigh i mbun oibre mar mhanach de chuid na Hiondúch sa 19ú haois. Rinneadh naomh dó de thairbhe a chuid gníomhartha mar cheannaire reiligiúnach i mBeangál. Deirtear go raibh taithí aige ar an eacstais ag aois an-óg, agus gur tháinig sé faoi thionchar na dtraidisiún ilchineálach- deabhóid don bhandia Kali, don Tantra, don Bhakti, agus don Avaita Vedanta, ach go háirithe.

Bhain sé cáil amach ag an Teampall Dakshineshwar Kali mar gheall ar an meon mistiúil a léirigh sé, agus de réir a chéile tharraing sé chuige roinnt múinteoirí spioradálta agus ceannairí sóisialta, chomh maith le lucht leanúna mór tuata; arna éirí leis deisceabail a earcú, bunaíodh an tOrd Ramakrishna. Bhí ana-chuid measa ag muintir Bheangál air, go háirithe an scothaicme, agus d'eascair gluaisceacht dá bharr: bhunaigh deisceabal dá chuid, Swami Vivikenanda, an Ramakrishna Math, eagraíocht a chuireann oiliúint spioradálta ar fáil do mhanaigh, agus an Misean Ramakrishna chun déirc, obair shóisialta agus oideachas a sholáthar.