Ragcheol

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Maple Leaf Rag le Scott Joplin

Ceol sioncóipithe ó na Stáit Aontaithe a bhí coitianta i 1890-1920, nuair a tháinig snagcheol chun cinn ina ionad, faoi anáil an ragcheoil. I gcontrárthacht le hamhrán coitianta Irving Berlin, Alexander's Rag-Time Band (Banna Ragcheoil Alastair, 1911), don phianó is mó a cumadh dreasa ragcheoil, agus scaipeadh ragcheol i measc an phobail ag Scott Joplin is pianódóirí/cumadóirí eile. Ba é an scoláire, pianódóir is cumadóir Joshua Rifkin a bhí go mór taobh thiar d'athbheochan an ragcheoil ó 1970 ar aghaidh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Eagcheol (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 230.