Rachel Maddow
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (en) Rachel Anne Maddow 1 Aibreán 1973 52 bliana d'aois Castro Valley, California |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | Caitliceachas |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Lincoln, Oxford Ollscoil Oxford - eolaíocht pholaitiúil (–2001) Ollscoil Stanford - beartas poiblí (–1994) |
| Áit chónaithe | Manhattan |
| Teanga dhúchais | Béarla |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Scríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta, iriseoireacht, podchraoladh agus clár teilifíse |
| Gairm | iriseoir |
| Tréimhse oibre | 2001 – |
| Fostóir | Air America (en) MS NOW |
| Teangacha | Béarla |
| Teaghlach | |
| Páirtí | Susan Mikula |
Gradam a fuarthas
| |
Ainmnithe do
| |
| Suíomh gréasáin | rachelmaddow.com |
Óstach teilifíse, tráchtaire polaitiúil agus údar Meiriceánach is ea Rachel Anne Maddow {
i/ˈmædoʊ/; a rugadh ar 1 Aibreán 1973).[1] Tá clár teilifíse gach oíche aici ar a dtugtar The Rachel Maddow Show, ar MSNBC. Tá clár cainte raidió faoin ainm céanna aici ar Air America. Is í an chéad duine go hoscailte aerach ina láithreoir teilifíse tráthnóna sna Stáit Aontaithe. Tá dochtúireacht aici ó Ollscoil Oxford.
Nuair a d'fhiafraigh an Valley Advocate, nuachtán i gCalifornia, di faoina tuairimí polaitiúla, sin a d'fhreagair sí ná "Is liobrálach mé gan amhras, is é sin le rá go bhfuilim beagnach go hiomlán ar aon tuairim le hardán an Pháirtí Phoblachtaigh i ré Eisenhower."
Luathshaol agus oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Maddow in Castro Valley, California. Iar-chaptaen in Aerfhórsa SAM agus dlíodóir a hathair agus riarthóir scoile a máthair agus ise óg. Protastúnaigh (ón Ollainn) agus Giúdaigh (ó oirthear na hEorpa) a sinsir ar thaobh a hathair; b'as Talamh an Éisc a máthair agus í de shliocht Sasanach agus Éireannach.[2] Deir Maddow gur teaghlach an-Chaitliceach a muintir agus gur fhás sí aníos i bpobal a bhí an-choimeádach. Lúthchleasaí ab ea Maddow agus í ar an ardscoil.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Maddow pronounces her name, rhyming with "shadow" here
- ↑ "10 Things You Didn't Know about Rachel Maddow's Roots". The Huffington Post.
- ↑ "Bay Area's Maddow is cable talk's newest star". San Francisco Chronicle. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-05-05. Dáta rochtana: 2016-10-11.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- [1] A suíomh féin. Arna rochtain ar 10 D.F. 2016.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |