Róisín Ní Chualáin
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1986 39/40 bliana d'aois |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | aisteoir, príomhoide |
| Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Is ban-aisteoir Éireannach as Carna, Contae na Gaillimhe ó dhúchas í Róisín Ní Chualáin. Rinne sí an carachtar Lee Ní Neachtain ar an gclár teilifíse Ros na Rún.
Thosaigh sí ag aisteoireacht in Amharclann Halla na Cathrach i gCathair na Gaillimhe. Bhí sí ar Ros na Rún ó 2005 go 2015, agus bhí páirt aici i gcúpla eipeasóid den tsraith ghrinn Rásaí na Gaillimhe sa bhliain 2012.[1]
Faoi láthair, tá sí ina príomhoide ar Scoil Cholmáin, Maínis, i ngar do Charna.[2]