Ríthe (cluiche óil)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rialacha Gaeilge do Ríthe ó Chlub Chonradh na Gaeilge

Is cluiche óil é Ríthe (nó kings mar is fearr aithne air as Béarla) a imríonn beirt nó tuilleadh le cártaí agus deochanna. Imríonn mic léinn agus grúpaí eile an cluiche in Éirinn, sa Phortaingéil, i gCeanada, i Meicsiceo, san Afraic Theas, sa tSile, sa Nua-Shéalainn, san Astráil, sna SAM, sa Ríocht Aontaithe, agus san Ísiltír chomh maith le háiteanna eile nach iad.