Ríomhphost gréasáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ríomhphost gréasáin
Cuir in eagar ar Wikidata

Cuirtear ríomhphost gréasáin ar fáil trí láithreán gréasáin. Ligeann sé d’úsáideoirí seoladh ríomhphoist a bheith acu ar an láithreán le teachtaireachtaí ríomhphoist a léamh agus a scríobh mar mhalairt ar chliant ríomhphoist a úsáid. Coinnítear na teachtaireachtaí ar fhreastalaí gréasáin rud a chiallaíonn:

  • nach gá don úsáideoir ríomhaire dá gcuid féin a bheith acu le ríomhphost a úsáid
  • gur féidir ríomhphost a úsáid áit ar bith ar domhan a bhfuil ríomhaire le ceangal Idirlín ar fáil (ceann de na húsáidí is mó a bhaintear as caifé Idirlín is ea le haghaidh ríomhphost gréasáin a sheiceáil)

Bíonn ríomhphost gréasáin ar fáil ó leithéidí Yahoo Mail, HotmailGMail agus bíonn seirbhísí difriúla ar fáil don úsáideoir trí na comhlachtaí sin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]