Réinin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Hormón a thálann na duáin is a athraíonn angaiteannaigín (próitéin i bplasma na fola) chuig angaitheannain I, réamhtheachtaire neamhghníomhach angaitheannain II. Is é gnó an hormóin dheireanaigh seo na hartairíní a chrapadh (is mar sin brú na fola a mhéadú) agus tál aldaistéaróin is tart a spreagadh. An t-oibreán craptha fuileadán is cumasaí ar eolas.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Réinin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 556.