Réimse geomaighnéadach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Réimse maighnéadach an Domhain, a tharlaíonn de bharr a chroíleacáin mhiotalaigh, ar féidir é a shamhlú mar a bheadh déphol atá dírithe i dtreo na Mol Thuaidh (N) is Theas (S). Is eol gur athraigh ionaid na Mol seo go mór le linn an ama gheolaíoch, agus is féidir an feiniméan seo a anailísiú trí bhíthin an mhaighnéadais iarmharaigh i gcarraigeacha. Bíonn comhathruithe nó aimhrialtachtaí áitiúla sa réimse geomaighnéadach de bharr comhathruithe i nádúr is struchtúr na gcarraigeacha sa screamh ansin, agus go minic baintear feidhm as a leithéid i sirtheoireacht ola is mianraí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Réimse geomaighnéadach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 556.