Jump to content

Réalachas sóisialta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

 

Samhail íocónach cháiliúil den réalachas sóisialta é sárshaothar Grant Wood an phéintéireacht American Gothic, 1930. Is minic a dhéantar scigaithris uirthi.

Is éard is réalachas sóisialta ann ná téarma a úsáidtear le cur síos a dhéanamh ar shaothair a chruthaíonn péintéirí, déantóirí priontaí, grianghrafadóirí, scríbhneoirí agus scannánóirí a bhfuil sé mar aidhm acu aird a tharraingt ar fhíorchoinníollacha sochpholaitiúla an lucht oibre mar mhodh chun anailís agus critíc a dhéanamh ar na struchtúir chumhachta atá taobh thiar de na coinníollacha sin. Cé go bhfuil an-éagsúlacht idir tréithe na gluaiseachta ó thír agus ó mheán go chéile, beagnach i gcónaí bíonn réalachas tuairisciúil nó criticiúil i gceist. [1]

Uaireanta úsáidtear an téarma ar bhealach níos cúinge chun cur síos a dhéanamh ar ghluaiseacht ealaíne a raibh rath uirthi idir an dá Chogadh Domhanda mar fhreagairt ar an gcruatan agus na deacrachtaí a d’fhulaing an gnáthdhuine i ndiaidh Chliseadh Wall Street. Chun a gcuid ealaíne a dhéanamh níos inrochtana do lucht féachana forleathan, thosaigh ealaíontóirí ar léirithe réalaíocha a dhéanamh ar oibrithe gan ainm chomh maith le daoine cáiliúla, á n-úsáid mar shiombailí laochta láidreachta a bhí ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin an tsaoil. Sprioc pholaitiúil a bhí ag na healaíontóirí mar gur theastaigh uathu droch-choinníollacha shaol na ndaoine bochta agus na haicme oibre a nochtadh don saol mór agus a léiriú go raibh na córais rialtais agus shóisialta freagrach astu. [2]

Níor cheart an réalachas sóisialta a mheascadh suas le réalachas sóisialach, an fhoirm oifigiúil ealaíne in Aontas na Sóivéide a thug Joseph Stalin isteach sa bhliain 1934 agus ar ghlac páirtithe Cumannacha comhaontacha ar fud an domhain léi ina dhiaidh sin. Tá sé difriúil freisin ón réalachas mar ní hamháin go gcuireann sé coinníollacha na mbochtán i láthair, ach déanann sé amhlaidh trí na teannas idir dhá dhream atá i gcoimhlint lena chéile a chur in iúl, mar shampla feirmeoirí agus tiarnaí feodacha.[1] Uaireanta, áfach, úsáidtear na téarmaí 'réalachas sóisialta' agus 'réalachas sóisialach' ar bhealach idirmhalartaithe. [3]

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

I scríbhneoireacht na hÉireann chleacht Máirtín Ó Cadhain an réalachas sóisialta i mórán de scéalta An Braon Broghach agus ina shaothair trí chéile.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Todd (2009). “Social Realism”. Art Terms. Museum of Modern Art. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-05-14. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "gao" defined multiple times with different content
  2. Social Realism defined at the MOMA
  3. Max Rieser, The Aesthetic Theory of Social Realism, in: The Journal of Aesthetics and Art Criticism, Vol. 16, No. 2 (December 1957), pp. 237-248