Rásaí na Gaillimhe (féile)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtRásaí na Gaillimhe
Íomhá
Map
 53°17′45″N 8°59′45″W / 53.295738888889°N 8.9958194444444°W / 53.295738888889; -8.9958194444444
Cineálimeacht spóirt Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht17 Lúnasa 1869 - 
SuíomhBallybrit Racecourse, Éire (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Contae na Gaillimhe, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Tinreamh150,000 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáingalwayraces.com Cuir in eagar ar Wikidata


An fhéile spóirt is mó agus is mó le rá i gCúige Connachta is ea Rásaí na Gaillimhe, agus gan dabht an Fhéile Rásaíochta is cáiliúla sa tír.[1] Ach is ócáid shóisialta ollmhór ná aon rud eile í Seachtain na Rásaí i nGaillimh.[2] Freastalaíonn suas le 150,000 duine ar na Rásaí i mBaile an Bhriotaigh gach bliain. Ní shárófar sin ach amháin ag an Melbourne Cup, in Cheltenham agus ag Royal Ascot.[3]

Is iad Dé Céadaoin agus Déardaoin an dá lá mhóra, le rás mór, Pláta na Gaillimhe ar an gCéadaoin, agus an Galway Hurdle agus Lá na mBan ar an Déardaoin.[4] Bíonn cúrsaí stíle go mór chun tosaigh ar Lá na mBan.[5][6] Is fiú €10,000 an luach saothair don bhean is dea-ghléasta[7][8][9] agus €3,000 don hata is craiceáilte.[10]

2007

Rásaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chomh maith leis an bhfaisean, bíonn cárta lán rásaí ann freisin. Bíonn duaischiste €2 milliún le buachan i mBaile an Bhriotaigh le linn na Seachtaine (sa bhliain 2022) – rás amháin ar a laghad in aghaidh an lae a mbeidh €100,000 as.

An  Galway Hurdle Handicap an ceann ba shaibhre díobh sin (ó 1918 ar aghaidh) agus pota duaiseanna €300,000 le baint ann (sa bhliain 2022).

Chomh maith leis sin, is é an rás Galway Plate (rás Seilige Náisiúnta, ó 1869 ar aghaidh)[11] is luachmhaire, agus breis is €150,000 ag dul leis an bPláta.[12]

Lá na mBan, 2004

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ritheadh an chéad rás sa bhliain 1869. Leagadh amach traic rásaíochta, tógadh seastán adhmaid. Nuair a tháinig an chéad lá rásaíochta ar an Mháirt an 17ú Lúnasa 1869 bhí campaí beaga ann a chlúdaigh a náire do na marcaigh agus iad ag athrú feistis agus pubaill mhóra dóibh siúd a raibh an tart le baint díobh.[3] Bhí seirbhís báid ghaile le muintir Mhaigh Eo a thabhairt as Conga go Barr an Chalaidh. Tháinig suas le 10,000 as Baile Átha Cliath ar thraenacha. Meastar gur fhreastail 40,000 ar an gcéad fhéile rásaíochta sin in 1869 – i bhfad an iomarca mar nach raibh na háiseanna i mBaile an Bhriotaigh ná go deimhin i gcathair na Gaillimhe faoina gcomhair.

Dhá lá rásaíochta a bhíodh i gceist idir 1869 agus 1959 nuair a cuireadh ceann eile leis. Cuireadh lá eile leis i 1971, ceann eile fós i 1974 agus bhí sé lá rásaíochta i gceist ó 1982 gur tháinig 1999, agus seacht lá ó shin.[2]

Bhí John Moloney ina bhainisteoir i mBaile an Bhriotaigh ó 1989 go dtí 2020, gnó a raibh rath agus bláth air sa thréimhse seo.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "galwayraces.com" (en-IE). Galway Races (2022). Dáta rochtana: 2022-07-28.
  2. 2.0 2.1 Mártan Ó Ciardha (30 Iúil 2017). "Rásaí na Gaillimhe mar bhun agus mar bharr gach scéal. Ach an bhfuil aon tip agat?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-28.
  3. 3.0 3.1 Mártan Ó Ciardha (28 Iúil 2019). "‘Genteel racegoers’ agus ‘rough and ready Irish speakers’ – 150 bliain de rásaí na Gaillimhe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-28.
  4. advertiser.ie (22 Iúil 2010). "Galway advertiser". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 Iúil 2022. Dáta rochtana: 2022.
  5. "Rásaí na Gaillimhe | RTÉ Presspack". presspack.rte.ie. Dáta rochtana: 2022-07-27.
  6. Sean Ó Mainnín (3 Lúnasa 2018). "GAILEARAÍ: Fearthainn agus faisean ar ‘Lá na mBan’ ag Rásaí na Gaillimhe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-28.
  7. "Gradam don bhean is dea-ghléasta ag Rásaí na Gaillimhe buaite ag bean Ghaeltachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-28.
  8. agus lá peataireachta in óstán an G ina measc
  9. Sinéad Cassidy (2017-07-21). "Ladies Day Prize Announced" (en-GB). Galway Races. Dáta rochtana: 2022-07-28.
  10. Sinéad Cassidy (2022-04-19). "Galway Races Announce €13,000 Cash Prize for Ladies Day" (en-GB). Galway Races. Dáta rochtana: 2022-07-28.
  11. "From costing €800 to winning €160,000 - Hewick comes out on top in dramatic Galway Plate" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-07-28.
  12. "Galway | HRI". www.goracing.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-12-10. Dáta rochtana: 2022-07-28.