Póstaer
Cuma
Forbraíodh póstaeir mar fhoirm ealaíne go déanach sa 19ú céad nuair a rinneadh feabhsuithe i dteicníochtaí clódóireachta, liteagrafaíocht dhaite go háirithe. Is de bharr na teicneolaíochta nua seo a tháinig an póstaer chun cinn mar mheán úr ealaíne ó sheachtóidí an 19ú céad amach.[1]
Forbairt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thar aon duine eile, b’fhéidir, samhlaítear Henri de Toulouse-Lautrec (1864-1901) le stíl an art nouveau (mar a tugadh uirthi sa bhFrainc, nó an Jugendstil mar a tugadh uirthi sa Ghearmáin), stíl a bhí i mbarr a réime i rith an belle époque.
Bhain an t-ealaíontóir Seiceach Alphonse Muchga (1860-1939) cáil sa mheán seo freisin.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Vincent Morley (2014-05-18). "Cúrsaí Staire: An póstaer sa stair". Cúrsaí Staire. Dáta rochtana: 2020-10-07.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Póstaer". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 535.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |