Purgóid
Appearance
Buarannach, ábhar a úsáidtear chun díothú dramhaíle as an gcolainn a spreagadh. Feidhmíonn sí tríd an stéig a ghriogadh chun tuilleadh gníomhaíochta matánaí, an toirt sa chonair bhia a mhéadú, nó an chonair a bhealú. Is féidir go gcuirfidh a leithéid isteach ar ghnáthfheidhmiú na stéige nó ionsú bianna riachtanacha, fiú go dtarraingeoidh sé scoilt na haipindice. Úsáidtear ola ricne is défheinilmheatán don ghnó seo.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Purgóid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 542.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |