Buarannach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ábhar a úsáidtear chun díbirt fuíll as an stéig a bhrostú. Feidhmíonn sé tríd an stéig a ghreannú chun gníomhaíochta matánaí, an toirt sa chonair a mhéadú, nó an chonair a bhealú. Is féidir go gcuirfidh a n-úsáid isteach ar ghnáthfheidhmiú na stéige is ionsú ábhair riachtanacha bia, agus le forúsáid, go réabfar an aipindic.