Pulp

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pulp ag seinnt ag an bhFéile Isle of White i 2011.

Ba bhanna ceoil ón shéanra alt-rac é Pulp. Tháinig an grúpa le chéile don chéad uair i Sheffield sa bhliain 1978. Bhain an grúpa fómhór a gcuid clú agus cáil amach idir na blianta 1994 - 1996 leis na baill a leanas: Jarvis Cocker (an guth, an giotar),Candida Doyle (na méarchláir), Russell Senior (an giotar. an veidhlín), Mark Webber (an giotar, na mearchláir), Steve Mackey (an dordghiotar) agus Nick Banks (drummaí). 

Le linn na 80idí níor raibh mórán rath ag an mbanna, ach ardaíodh a gcuid próifíl le linn na 90idí tar éis dóibh na halbaim His 'n' Hers (1994) agus Different Class (1995) a eisiú. Tá an duais ceoil Mercury buaite acu faoi dhó - sa bhliain 1994 don albaim His 'n' Hers agus arís sa bhliain 1998 don albaim This is Hardcore. Bhí siad ina bpríomhaíonna ag Glastonbury faoi dhó chomh maith. 

Chuaigh Pulp ar hiatas, tar éis doibh an t-albaim We Love Life a eisiú i 2001, agus le 10 milliún albaim díolta acu. Tháinig siad le chéile don athuair sa bhliain 2011 mar phríomhaíonna ag féilte cheoil ar fud an domhain.  

Bhí Pulp ar cheann de na bannaí is mó ar ar dtugtaí Britpop orthu i lár na 1990idí, in éineacht le Blur, Oasis, Elastica, Cast agus roinnt bannaí eile nach iad. 

Albaim[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • It (1983)
  • Freaks (1987)
  • Separations (1992)
  • His 'n' Hers (1994)
  • Different Class (1995)
  • This Is Hardcore (1998)
  • We Love Life (2001)

Notaí[athraigh | athraigh vicithéacs]