Jump to content

Protoctista

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoProtoctista Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
ForfhearannCytota
FearannEukaryota
RíochtProtoctista Cuir in eagar ar Wikidata

Ríocht d'orgánaigh réasúnta simplí eocarótach a chuimsíonn na prótasóin aoncheallacha, na halgaí is na fungais le spóir le lascnaidí. Ag staid éigin i dtimthriall a mbeatha bíonn fíorlasc (organáid cosúil le lasc ina bhfuil fáinne 9 micreafeadán timpeall ar dhá fheadán lárnacha). Bíonn raon leathan toirteanna acu, ón miocrórgánach is lú (mar shampla, chlorella) go dtí an fhathach-cheilp. I ranguithe áirithe, tugtar prótaistigh ar na cinn is lú nach mbíonn ach cill amháin nó beagán ceall iontu.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Protoctista". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 540.