Jump to content

Proinsias Táilliúir (mairtíreach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Proinnsias Táiliúr)
Infotaula de personaProinsias Táilliúir

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1550 (⧼Wikibase-time-calendar-Gréagórach⧽)
Sord Cuir in eagar ar Wikidata
Bás30 Eanáir 1621
70/71 bliana d'aois
Caisleán Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Ardmhéara Bhaile Átha Cliath
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsagart Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 17ú aois agus glúin an 16ú aois
Ardú
Lá féile29 Eanáir Cuir in eagar ar Wikidata

Ba pholaiteoir Éireannach é Naomh Proinsias Táilliúir[1][2] (1550-1621) a toghadh mar Mhéara Átha Cliath agus mar fheisire parlaiminte. Cuireadh cosc air a shuíochán a ghlacadh toisc é a bheith ina Chaitliceach.

Cuireadh chun báis é i 1621 agus tugadh ómós dó mar mhairtíreach ó shin i leith. Rinne an Pápa Eoin Pól II naomh de sa bhliain 1992 in éineacht le hochtar mairtíreach déag Éireannacha eile.

Rugadh Proinnsias Táilliúir i Sord Cholm Cille in 1550. Ba mhangairí a mhuintir a bhí cónaí orthu sa cheantar ó aimsir na Normannach. Tógadh é mar Mhéara Átha Cliath i 1595. Bhí sé gníomhach mar Chaitliceach i mBaile Átha Cliath ag an am.

Tógadh an Táilliúrach ina fheisire i bParlaimint na hÉireann ach níorbh fhéidir leis a shíocháin a ghlacadh toisc mar bhí sé ina Chaitliceach. Cuireadh i bpríosúin é i 1613 agus cuireadh chun báis ann ar 29 Eanáir 1621. Cuireadh é i reilig Shéipéil Naomh Audoen.

Dealbh, Proinsias Táilliúir agus Maighréad de Bhál, Ard-Eaglais Mhuire, Baile Átha Cliath

Bhí sé pósta agus seisear chlainne aige. Gariníon a bhean le Maighréad de Bhál, duine eile de na Mairtírigh Éireannacha a d'ainmnigh Eoin Pól II mar 'naomh' in 1992.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ I mBéarla, Blessed Francis Taylor
  2. ↑ gaois.ie. "Sloinne". Dáta rochtana: 2026.