Priyamvada Gopal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPriyamvada Gopal

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1968
55/56 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Cornell
Ollscoil Deilí
Jawaharlal Nehru University (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaBiodun Jeyifo
Gníomhaíocht
Gairmacadóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Cambridge
Coláiste Churchill Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Is acadóir, scríbhneoir agus intleachtóir poiblí a rugadh san India í Priyamvada Gopal atá ina hOllamh le Staidéar Iarchoilíneach i nDámh an Bhéarla in Ollscoil Cambridge. Is iad na príomhspéiseanna teagaisc agus taighde atá aici ná staidéir choilíneacha agus iarchoilíneacha, litríocht na hÁise Theas, staidéir chriticiúla cine, agus polaitíocht agus cultúir na himpiriúlachais agus an domhandaithe.[1] Tá trí leabhar scríofa aici ag gabháil do na hábhair seo: Literary Radicalism in India (2005), The Indian English Novel (2009) agus Insurgent Empire (2019) . Cuireadh a tríú leabhar, Insurgent Empire, ar an ngearrliosta don Nayef Al-Rodhan Prize for Global Cultural Understanding Bíonn sí ag scríobh go rialta freisin do roinnt nuachtán agus foilseachán, lena n-áirítear The Guardian, The Hindu, Al Jazeera, agus The Nation. Tá aird fhorleathan sna meáin tugtha ar ráitis Gopal faoi chine agus impireacht.[2] Sa bhliain 2021, ainmníodh í mar cheann de na 50 smaointeoir is fearr ar domhan ag an iris Prospect.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Gopal i nDeilí, an India. Iníon le taidhleoir Indiach is ea í, agus chaith sí a hóige san India, i Srí Lanca agus sa Bhútáin, agus d’fhreastail sí ar ardscoil idirnáisiúnta i Vín, áit ar oibrigh a hathair mar thaidhleoir i lár na 1980idí.[3] [4] Is Bráman í, ach dúirt sí: "Brahminess, as a system of racial hierarchy, should be abolished."

Oideachas agus gairmréim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Gopal BA ó Ollscoil Delhi i 1989 agus MA ó Ollscoil Jawaharlal Nehru i 1991. Tar éis di a cuid staidéir a chríochnú san India, bhog sí go dtí na Stáit Aontaithe, áit ar mhúin sí in institiúidí éagsúla agus chríochnaigh sí a PhD i litríocht choilíneach agus iarchoilíneach in Ollscoil Cornell i 2000.[5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]