Priscianus Caesariensis
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 5 haois Cherchell |
| Bás | 6 haois |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | scríbhneoir, fealsamh, file |
| Tréimhse ama | Impireacht na Róimhe |
| Tréimhse oibre | 500 – 530 |
| Teangacha | An Laidin |
| Saothar | |
Saothar suntasach | |
Ba ghramadóir Laidine é Priscianus Caesariensis, ar a dtugtar go minic Priscin. Scríobh sé an leabhar Institutiones grammaticae ("Bunús na gramadaí") ar an ábhar. Bhí an téacsleabhar seo ina chaighdeán chun staidéar a dhéanamh ar an Laidin le linn na Meánaoiseanna agus sholáthair sé an t-amhábhar le haghaidh an réimse staidéir “gramadach thuairimeach”.
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níl mórán eolais againn faoi shaol Phriscian. Ba de shliocht na Gréige é, agus rugadh agus tógadh é i Caesarea (Cherchell an lae inniu, an Ailgéir) príomhchathair an chúige Rómhánaigh Mauretania Caesariensis. Dar le Cassiodorus, mhúin sé Laidin i gCathair Chonstaintín. I measc a mhionoibreacha tá an dán molta (Sean-Ghréigis: πανήγυρις (panégyris)) chuig Anastasius (491-518), scríofa sa bhliain 512 (circa), a chuidíonn linn a thréimhse a fháil amach. Ina theannta sin, tá foscript sna lámhscríbhinní Institutiones grammaticae a thugann le fios gur chóipeáil Flavius Theodorus, a bhí ina chléireach san rúnaíocht impiriúil, an obair (526, 527).