Próiseas olltáirgíochta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Próiseas chun earraí a dhéanamh arís is arís eile as bunábhair ar bhonn trádálach is ea próiseas olltáirgíochta. Is féidir na próisis sin a fhoroinnt sna próisis seo: gearradh, múnlú, easbhrú, rolladh, greamú. Is féidir gearradh a dhéanamh lena lán uirlisí, ina measc scian, siosúr, sábh, dísle, deil, inneall meilte. I múnlú nó teilgean, déantar ábhar a leachtú trí théamh is an leacht a dhoirteadh isteach i múnla réamhdheilbhithe den chruth is gá. Is féidir an múnlú seo a dhéanamh faoi bhrú, mar a tharlaíonn i múnlú insteallaidh phlaistigh, nó i dteilgean lártheifeach miotal. In easbhrú, is amhlaidh a bhrúitear an bunábhar i bhfoirm leachtach amach go leanúnach trí pholl ar chruth áirithe réamhdheilbhithe, díreach cosúil le heasbhrú taos fiacla amach as an tiúb. Nuair a rolltar ábhar inmhúnlaithe idir rollaí a bhfuil fórsa ag brú na rollaí le chéile, laghdaítear tiús an ábhair agus déantar leathán den ábhar. Má bhíonn eagar de phéirí rollaí i gcóras, laghdaítear an tiús de réir a chéile. Tá raon bealaí greamaithe ann, ó ghreamacháin cheimiceacha go dtí táthú is sádráil na miotal. I dtáthú miotal, is amhlaidh a leáitear cóimhiotal chomh maith le dromchlaí na miotal atá le táthú ionas go meascann an cóimhiotal le beagán den dá mhiotal, agus go mbíonn cnap den mheascán greamaithe den dá dhromchla nuair a reonn sé. I sádráil is córais áirithe táthaithe, leáitear cnap cóimhiotail idir na dromchlaí atá le greamú, fliuchann sé sin an dá dhromchla, agus déanann cnap soladach greamaithe nuair a reonn sé.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Próiseas olltáirgíochta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 539.