Próiseálaí focal
Appearance
| |
Cineál | catagóir bogearraí agus gné bogearraí |
---|---|
Ríomhchlár is ea próiseálaí focal a dhéanann soláthar chun téacs a láimhseáil. Is féidir é a úsáid chun doiciméid a scríobh, chun focail, ailt, nó leathanaigh a chur isteach nó a athrú, agus chun doiciméid a phriontáil..[1]
Clár ríomhaire atá ann a ritear de ghnáth ar ríomhaire pearsanta, a ligeann don ríomhaire feidhmiú mar chlóscríobhán casta.
Mar shampla
- Is féidir cáipéisí a stóráil ina n-iomláine, eagarthóireacht a dhéanamh orthu roimh iad a phriontáil, agus iad a thabhairt suas chun dáta go héasca arís is arís eile.
- Is féidir litir chaighdeánach a chumascadh le liosta poist chun litreacha pearsanta a chur do gach éinne ar an liosta.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ""Próiseálaí focal"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2023-01-08.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Próiseálaí focal". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 539.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin ríomhaireacht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |