Próiseáil teanga nádúrtha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léiriú ar an bhfearann le hinchinn agus ciorcad iomlánaithe ag idirghníomhú trí theanga, próiseáil comhartha, léiriú eolais, ríomhchlárú, srl.

Is réimse ildisciplíneach é Próiseáil Uathoibríoch Teanga Nádúrtha ( PUTN ) nó Próiseáil Teanga Nadúrtha (PTN),[1] ar a dtugtar NLP (as Béarla natural language processing), a bhaineann le teangeolaíocht, ríomheolaíocht agus intleacht shaorga a bhfuil sé mar aidhm aige uirlisí próiseála teanga nádúrtha a chruthú le haghaidh feidhmeanna éagsúla. Níor cheart é a mheascadh le ríomhtheangeolaíocht, a bhfuil sé mar aidhm aici teangacha a thuiscint trí úsáid a bhaint as uirlisí ríomhaireachta.

Cuireadh tús leis na chéad saothair i bpróiseáil uathoibríoch teanga nádúrtha sna 1950idí, go príomha i Stáit Aontaithe Mheiriceá, áit a chuidigh an comhthéacs polaitiúil, a bhain leis an gCogadh Fuar idir SAM agus an APSS, le forbairt réimse an aistriúcháin mheaisín.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ""natural language processing" | téarma.ie". Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Aisghafa 2023-07-25.