Is é Port Louis príomhchathair Phoblacht Oileán Mhuirís san Aigéan Indiach agus an chathair is mó sa tír. Tá Port Louis suite ar chósta iarthuaidh an oileáin. Príomhionad eacnamaíochta, riaracháin agus oideachais na tíre atá ann. Tá sé ar cheann de na hionaid airgeadais is mó san Afraic. Sa bhliain 2012 bhí 145,001 duine ina gcónaí in Port Louis.
Bhí an cuan in úsáid ag trádálaithe Eorpacha chomh luath le 1638. Sa bhliain 1735 rinne na Francaigh a lárionad riaracháin san oileán den áit. Áit athsholáthraithe a bhíodh ann do na longa Francacha agus iad ag seoladh thar Rinn an Dóchais idir an Eoraip agus an Áise.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.