Jump to content

Popcheol éadrom

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

 Is éard atá i bpopcheol éadrom (Béarla: bubblegum pop[1]) ná seánra popcheoil atá mealltach agus taitneamhach, agus san am céanna indiúscartha, éadomhain, nó dírithe ar pháistí agus ar dhéagóirí. Rinne an léirmheastóir ceoil Lester Bangs cur síos ar an stíl mar “fuaim bhunúsach rac is roll — gan an cuthach, an imeagla, an foréigean, agus an anóime”.[2] Úsáidtear an téarma Béarla bubblegum pop le tagairt a dhéanamh do sheánra popcheoil ar leith a tháinig chun cinn sna Stáit Aontaithe ag deireadh na 1960idí, ceol a d'eascair as rac-cheol garáiste, amhráin nuaga, agus ceol fhoirgneamh Brill, agus a bhí dírithe ar pháistí agus ar dhéagóirí freisin. B'eiseamláir den seánra seo an móramhrán “Sugar, Sugar” leis The Archies sa bhliain 1969, as ar tháinig rac-cheol cartúin, treocht neamhbhuan de chartúin ar mhaidineacha Sathairn ina raibh popcheol éadrom le cloisteáil go minic.

Dúirt na léiritheoirí ceoil Jerry Kasenetz agus Jeffry Katz gur iadsan a cheap an téarma “bubblegum” i dtús báire. Nuair a phléigh siad a sprioclucht éisteachta, chinn siad gur “déagóirí, na daoine óga a bhí ann. Agus ag an am sin ba ghnách linn guma a chogaint, agus bhíodh mo pháirtí agus mé féin ag féachaint air agus ag gáire agus ag rá, ‘Á, tá sé seo cosúil le ceol bubblegum’.” Ansin, scaip a mbainisteoir, Neil Bogart, feidhmeannach ag Buddah Records, an téarma i measc an phobail.

Den chuid is mó, ní raibh ach móramhrán amháin ag na ceoltóirí sa seánra seo (le roinnt eisceachtaí suntasacha, mar shampla The Partridge Family agus Tommy Roe) agus d'fhan an fhuaim ina fórsa tráchtála suntasach go dtí tús na 1970idí. Is minic a phléann tráchtairí raon an tseánra agus bíonn argóintí éagsúla acu ar chóir nó nár chóir popcheol rince, dioscó, popcheol do dhéagóirí, bannaí buachaillí, agus go háirithe The Monkees a chur san áireamh. Le linn na 1970idí, bhí tionchar múnlaitheach ag popcheol éadrom ar phunc-rac, nuathonn, agus miotal séiseach.