Pop-Up Gaeltacht
Mana | Bailíonn Gaeil go míosúil i dtithe tábhairne, chun ól like. |
---|---|
Ainmnithe in ómós | an Ghaeltacht |
Sonraí | |
Cineál | imeacht féiltiúil |
Cuspóir an tionscadail nó na gníomhaíochta | dílseacht theanga, normalú teanga agus athbheochan teanga |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 2017, Baile Átha Cliath |
Bunaitheoir(í) | Osgur Ó Ciardha agus Peadar Ó Caomhánaigh |
Is éard atá i gceist le Pop-Up Gaeltacht nó tob-Ghaeltacht ná ócáid a thugann deis do Ghaeilgeoirí an teanga a labhairt ar bhealach neamhfhoirmeálta, i dteach tábhairne de ghnáth. Tá sé áitithe go bhfuil feidhm le "spásanna nua d’úsáid shóisialta na teanga i bpróiseas dlisteanaithe an nuachainteora atá ag lorg pobal cleachtais agus deiseanna úsáide".[1] Spás "sábháilte" í an tob-Ghaeltacht agus í ag freastal ar dhaoine a bhfuil cumas teoranta acu agus ar chainteoirí a bhfuil saineolas acu ar an teanga. Tá ócáidí dá leithéid ag dul ó neart go neart i mBaile Átha Cliath.[1] Tá siad curtha ar bun thar lear chomh maith, in Perth na hAstráile, Dubai, Vancouver, Nua-Eabhrac agus La Paz sa Bholaiv.[2]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá sé ráite gurb é aidhm na tob-Ghaeltachta fáil réidh leis na sean-nathanna faoi Ghaeilgeoirí agus deoch a chaitheamh siar san am céanna.[3]
Osgur Ó Ciardha agus Peadar Ó Caomhánaigh a chuir an chéad tob-Ghaeltacht ar bun sa bhliain 2017.[4] Shíl siad, murar athraíodh dearcadh na gcainteoirí Gaeilge, go gcaillfí an teanga í féin.[3] Bhí a fhios acu go raibh a lán daoine ann nach mbíodh ar a suaimhneas agus iad ag labhairt Gaeilge toisc smál na scoile a bheith ar an teanga acu.[2] Bhí sé de bhuntáiste ag na hócáidí ó thaobh lucht gnó de go raibh brabach le baint astu agus an oiread sin daoine ann.[3]
Bhí an gcéad tob-Gaeltacht sa Bar Rua[5] sa bhliain 2017. Dúirt Peadar Ó Caomhánaigh nach raibh an rialtas ag an am ag déanamh go leor ar son na teanga agus go raibh seisean ag iarraidh úsáid an teanga a normalú.[3]
Thar lear
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2019 cuireadh tob-Ghaeltacht ar bun sna i gcathair Nua-Eabhrac.[6] Bhí tob-Ghaeltachtaí eile in La Jolla agus in Los Angeles agus in Washington.[7] Bhí ócáidí eile san Astráil, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Ceanada agus an Bholaiv.[2] Ó chuir Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha tús leis na tob-Ghaeltachtaí tá níos mó ná 150 ceann acu ann ar fud an domhain.[4]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Caint TEDxBallyroanLibrary ag Peadar Ó Caomhánaigh maidir leis an Pop-Up Gaeltacht
- Leathanach ar shuíomh ghréasáin Chonradh na Gaeilge ar chonas ócáid Pop-Up Gaeltacht a eagrú Curtha i gcartlann 2021-08-04 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Stiofán Seoighe, "‘Is libhse an chathair’ — Pop Up Gaeltacht agus nuachainteoirí na Gaeilge,", COMHARTaighde, Eagrán 4: https://comhartaighde.ie/eagrain/4/seoighe/
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Sorcha Pollak. "Move over Ring and Dingle: the pop-up Gaeltacht is here" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-02-10.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 "Pop Up Gaeltachts dare you to say the Irish language is dead — District" (en-US). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-02-07. Dáta rochtana: 2020-02-10.
- ↑ 4.0 4.1 Caroline Egan. "How Pop-Up Gaeltacht is Reviving Irish in Pubs" (en-GB).[nasc briste go buan]
- ↑ "Bernard Shaw - Richmond Street" (en). DublinTown. Dáta rochtana: 2020-02-10.
- ↑ Siobhán Ní Chiobháin in New York. "From toddlers to drag queens: Meet New York’s new Gaeilgeoirs" (en). The Irish Times.
- ↑ "Want to learn Irish? These events taking place across the US can help you start" (en). IrishCentral.com (2019-08-29).