Jump to content

Popcheol

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Pop)
WD Bosca Sonraí Séanra CeoilPopcheol
BunúsStáit Aontaithe Mheiriceá agus an Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1950 Cuir in eagar ar Wikidata
Ball depopcheol Cuir in eagar ar Wikidata
Seo Linn, Vicar Street 2017

Is éard atá i gceist le popcheol ná seánra ceoil atá i mbéal an phobail i gcoitinne,[1] agus i measc daoine óga go príomha, ó na 1950idí ar aghaidh. Ní stíl amháin atá i gceist, ach aon stíl atá faiseanta agus déanta do lucht éisteachta leathan. Go bunúsach, déantar popcheol chun sult a bhaint as, agus gan dúshlán a thabhairt d'éinne.

Thosaigh an popcheol sna 1950idí le rac is roll, ach d'éirigh i bhfad níos ilghnéithí leis na blianta trí thionchair eile a ghlacadh isteach, ó na gormacha, anamcheol, reigé, ceolta tuaithe, is stíleanna ciníocha éagsúla. Bhí na popcheoltóirí go mór chun tosaigh ag baint sochair as ceoI leictreonach, mar shampla chun ceo i damhsa hip hap is rapcheol a shaothrú.

Thar aon rud eile is margadh ollmhór an popcheol, faoi rialacha na margaíochta an oiread ar a laghad is atá faoi stiúir an cheoil is na gceoltóirí.[2]

Is téarma ginearálta é “popcheol”, agus cuirtear a lán seánraí eile faoin teideal seo:

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. as "popular" i mBéarla, nó ceol a bhfuil tóir air
  2. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.