Steilléadar
Polysticta stelleri | |
---|---|
♂ | |
Sonraí | |
Mais | 58 g 807 g |
Meánlíon in ál | 6.9 |
Stádas caomhnaithe | |
Leochaileach | |
UICN | 22680415 |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Aves |
Ord | Anseriformes |
Fine | Anatidae |
Géineas | Polysticta |
Speiceas | Polysticta stelleri (Pallas, 1769) |
Ainmníocht | |
Ainmnithe in ómós | Georg Wilhelm Steller |
An chéad ainm Laidine a bhí air | Anas stelleri |
Is lacha thumthach Artach é an steilléadar[1] (Polysticta stelleri) a phóraíonn ar feadh chóstaí thoir na Rúise agus ar chósta Alasca.
Chuir an tAontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra an daonra steilléadar in Alasca ar liosta speiceas leochaileach in 1997.[2] Tá an speiceas faoi chosaint sa Rúis agus sna Stáit Aontaithe, agus tá an tAontas Eorpach agus Seirbhís Iasc agus Fiadhúlra SAM ag obair ar phlean athshlánaithe.[2][3]
Tacsanomaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne an nádúraí Gearmánach Peter Simon Pallas cur síos foirmiúil ar an steilléadar in 1769 ó eiseamal a bailíodh ar Leithinis Kamchatka in Oirthear na Rúise. Chum sé an t-ainm déthéarmach Anas stelleri; roghnaigh sé ainm an speicis in ómós an nádúraí Ghearmánaigh Georg Wilhelm Steller.[4][5] Is é an steilléadar an t-aon speiceas amháin sa ghéineas Polysticta a chruthaigh an nádúraí Sasanach Thomas Eyton sa bhliain 1836, agus ní aithnítear aon fhospeiceas.[6][7] Tagann ainm an ghéinis ón tSean-Ghréigis polustiktos a chiallaíonn "an-bhreactha" (ó polus “go leor” agus stiktos “breactha”).[8]
In ainneoin a ainm, níl dlúthbhaint aige leis na trí speiceas eile a dtugtar “éadar” orthu; is baill den ghéineas Somateria iad siúd.[9] Scaradh an steilléadar ó na speicis eile in 1945 mar gheall ar dhifríochtaí iompraíochta agus anatamaíochta.[10] Is é an lacha Labradar (atá díobhaí anois) an speiceas a bhfuil an gaol is dlúithe aige leis an steilléadar.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““steilléadar” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-23.
- ↑ 2.0 2.1 U.S. Fish and Wildlife Service (September 2020). “Steller's Eider Recovery Plan”. U.S. Fish and Wildlife Service. Dáta rochtana: November 10, 2021.
- ↑ European Union for the Conservation of Nature (1997). “European Species Action Plan for Steller's Eider (Polysticta stelleri)”. European Union for the Conservation of Nature. Dáta rochtana: November 10, 2021.
- ↑ Pallas (1769). "Spicilegia zoologica : quibus novae imprimis et obscurae animalium species iconibus, descriptionibus atque commentariis illustrantur" (in Latin) 1. Berolini: Prostant apud Gottl. August. Lange.
- ↑ "Check-List of Birds of the World" (1979) (2nd ed.) 1. Cambridge, Massachusetts: Museum of Comparative Zoology.
- ↑ Gill: “Screamers, ducks, geese & swans”. IOC World Bird List Version 13.1. International Ornithologists' Union (January 2023). Dáta rochtana: 13 April 2023.
- ↑ Eyton (1836). "A Catalogue of British Birds". London: Longman, Rees, Orne, Brown, Green and Longman.
- ↑ Jobling (2010). "The Helm Dictionary of Scientific Bird Names". London: Christopher Helm. ISBN 978-1-4081-2501-4.
- ↑ “ITIS - Report: Polysticta stelleri”. www.itis.gov. Dáta rochtana: 2021-11-11.
- ↑ A. (1961-01-01). "The Taxonomy of the Anatidae—A Behavioural Analysis". DigitalCommons@University of Nebraska - Lincoln. OCLC 729247849.