Poll péiste
Appearance
Samhlaítear é mar thollán idir am is spás ag ceangal codanna den Chruinne atá i bhfad ó chéile ar chuma eile. Tagann sé chun cinn i réitigh chothromóidí na coibhneasachta ginearálta de chuid Einstein. Ach níor cruthaíodh go bhfuil a leithéid ann le fírinne, agus mar sin is coincheap meabhraitheach é. Tagann sé isteach i scéalta ficsean eolaíochta mar mhodh amtaistil. Tagann cinn mhicreascópacha isteach i dteoiricí na mbuncháithníní is na himtharraingthe candamaí.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Poll péiste". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 532.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |