Polaplóideacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Riocht in orgánach ar leith ina mbíonn níos mó ná an dá thacar normálta crómasóm homalógach a fhaightear in orgánaigh dhioplóideacha. An-choiteann i bplandaí. Tarlaíonn sí nuair a mhacasamhlaítear na crómasóim uile taobh istigh den núicléas ach nach dtarlaíonn deighilt an núicléis ina dhiaidh sin mar is gnách. Is féidir go mbeidh 3 thacar (trioplóideach), 4 thacar (teitreaplóideach), nó fiú 8 dtacar (ochtaplóideach).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Polaplóideacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 531.