Planda súmhar
Planda ina mbíonn na duilleoga is na gais méith agus ata le fíocháin stórála uisce. Coitianta i réigiúin thirime is áiteanna nach mbíonn uisce ar fáil go héasca. Oiriúnuithe ar phlandaí súmhara le cailliúint uisce a laghdú: cneasa ramhra céiriúla is duilleoga laghdaithe nó fillte isteach. Eiseamláirí is ea cactais is tóirpíní.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |