Plúirín
Appearance
Comhordanáidí speictreach | |
---|---|
Tonnfhad | 420–450 nm |
Minicíocht | ~714–670 THz |
Comhordanáidí datha | |
Tripléad heicsidheachúlach | #4B0082 |
RGB (r, g, b) | (75, 0, 130) |
CMYK (c, m, y, k) | (54, 130, 0, 125) |
HSV (h, s, v) | (275°, 100%, 51%) |
Tuilleadh eolais |
Dath a fhaightear ó chúpla speiceas, ainil is plúirín dathaitheach, de phlanda ar leith. Toim ilbhliantúla is ea an dá cheann a fhásann go dtí 2.5 m ar airde. Na duilleoga cleiteach, na pisbhláthanna dearg ina gcrobhaingí gearra. Shaothraítí é tráth dá raibh san India is i Sumatra na hIndinéise, ach ní dhéantar a thuilleadh gur fiú trácht air. Thit an lug ar an lag ar an margadh nuair a tugadh ruaim shaorga ainilín isteach. Ar dtús úsáideadh go forleathan é i ndathú olla, cadáis is síoda, ach anois is mó a úsáidtear é chun an snáithe dlúth i ndeinim a dhathú.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Plúirín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 527.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |