Plé úsáideora:Srathanna Corcra

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fáilte Romhat[athraigh foinse]

Fáilte romhat isteach! Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh agus tairbhe as a bheith ag plé leis an Vicipéid. Is féidir leat do leathanach baile a úsáid le cleachtadh a dhéanamh ar fhormáidiú a chur i bhfeidhm agus naisc a chruthú. Is fiú breathnú ar an lámhleabhar do MediaWiki i mBéarla le tuilleadh a fhoghlaim faoi seo. Is féidir le daoine eile do leathanach plé (é seo) a úsáid le teachtaireachtaí a fhágáil duit. Ná déan dearmad logáil isteach am ar bith atá tú ag iarraidh obair a dhéanamh. Ádh mór!

Nmacu

Fadhb le híomhá[athraigh foinse]

Go raibh maith agat as Íomhá:125px-Basketball.jpg a huaslódáil. Níl sé soiléir, áfach, cé leis cóipcheart an íomhá agus cén stádas cóipchirt atá ag an íomhá, agus mar sin b'fhéidir go scriosfar é go luath. Bíonn an Fondúireacht Wikimedia an-chúramach maidir le híomhánna sa Vicipéid, mar gheall ar reacht cóipchirt (féach ar polasaí chóipchirt na Vicipéide).

De ghnáth, bíonn an cóipcheart leis an té a chum an íomhá, nó le fhostaitheoir an té a chum é, nó leis an té deireanach ar a bhronnadh cearta úinéireachta an íomhá. Bíonn trí shaghas ceadúnais á úsáid ar an Vicipéid don chuid is mó: .i. ábhar oscailte, fearann poiblí agus úsáid chóir.

Más mian leat, cuir sonraí cóipchirt ar aon íomhá eile a d'uaslódáil tú cheana féin agus a uaslódáileoidh tú amach anseo. Cuir i gcuimhne gur féidir leis na riarthóirí íomhánna a scrois muna bhfuil an t-eolas tábhachtach seo ar fáil dóibh. Ma tá ceist ar bith agat, tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh liom, nó an scéal a phlé ag an Halla baile. Go raibh maith agat.