Plé úsáideora:Seabhac~gawiki

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Déan idirdhealán ("disambiguation page") le Luas (tram) a aithint thar Luas (fisic), le do thoil. Panu Petteri Höglund 06:46, 30 Deireadh Fómhair 2006 (UTC)[reply]

Your account will be renamed[athraigh foinse]

01:44, 18 Márta 2015 (UTC)

07:37, 19 Aibreán 2015 (UTC)

Haigh, a Seabhac~gawiki, agus tá fáilte romhat ar ais chuig an Vicipéid! Go raibh maith agat as an alt Epimetheus a chruthú ar Vicipéid. (D'athraigh mé é beagán len é a chur in oiriúint do stíl na Vicipéide.) Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as do chuid ama anseo. Thig leat dul go dtí an Halla Baile chun caint leis na Vicipéideoirí eile (más mian leat é sin a dhéanamh), nó go dtí an Lárionad Comhphobail chun breathnú ar na heachtraí Vicipéide is déanaí. Tá breis eolais fóinteach inár reamhrá, freisin.

Más é do thoil é, sínigh do chuid theachtaireachtaí ar leathanaigh phlé le ceithre thilde a chlóscríobh; ciallaíonn sé sin go hionsáfar d'ainm úsáideora agus an dáta go huathoibríoch. Má tá cabhair ag teastail uait, féach ar Vicipéid:Cabhair, nó cuir ceist ormsa nó ar na heagarthóirí eile ar ár leathanaigh phlé.

Uair amháin eile, fáilte romhat! SeoMac (talk) 15:45, 7 Márta 2016 (UTC)[reply]

Spás Vicipéide[athraigh foinse]

Haigh! GRMA as an alt faoi Voyager. Ba chóir "Voyager" a úsáid seachas "Turasóir" mar níl an leagan Gaeilge coitianta. Agus caithfidh an t-alt a bheith mar a chuir tú ar bun é sa chéad uair, is é sin gan an rémhír "Vicipéid". Úsáidtear an spás sin i gcomhair ábhar a bhaineann le tionscadal na Vicipéide, ní le haghaidh gnáth-ailt. SeoMac (talk) 17:23, 9 Márta 2016 (UTC)[reply]

Naisc trí mheán Wikidata[athraigh foinse]

An-jab leis na hailt faoi réadanna sa Ghrianchórais. Chuir mé nascanna ar bun leis na vicipéidí eile i gcás 2010 KZ39 agus 2007 UK126.

Cuirtear nascanna ann ag dul isteach faoi Languages nó 'I dteangacha eile' agus ag déanamh clic ar 'edit links'. Ansin is féidir 'en', 'fr', 'es' etc. a chur isteach sa bhosca thuas agus ansin ainm an ailt sa bhosca thíos (sa teanga eile, cinnte, ach bíonn a leithéid agus 2010 KZ39 mar i gcéanna in achan teanga). (Ní gá é a dhéanamh tríd an Bhéarla má tá alt i dteanga eile ann :-) Tá súil agam go mbeidh an t-eolas seo úsáideach duit. SeoMac (talk) 18:13, 15 Márta 2016 (UTC)[reply]

Scriosadh ailt[athraigh foinse]

Haigh! Bhí orm an t-alt a chruthaigh tú inniu (Seabhac-gawiki) a scriosadh. Ciclipéid atá anseo againn agus níl ábhar fút féin—fiú ábhar faoi do chuid oibre ar son na Gaeilge—oiriúnach mar alt. Caithfidh muid a bheith cúramach gan mórán ábhair den chineál sin a chur suas fiú ar ár leathanaigh úsáideora. SeoMac (plé) 22:57, 19 Lúnasa 2017 (UTC)[reply]